Seirbhísí Athchúrsála
Tugtar sonraí ar na seirbhísí athchúrsála a chuirimid ar fáil sa rannóg seo den láithreán gréasáin.
Is éard atá i gceist ná dramhaíl thirim in-athchúrsáilte (bosca bruscair glas) agus dramhaíl in-bhithmhillte (bosca bruscair donn) a bhailiú ó dhoras go doras, seirbhís athchúrsála a chur ar fáil d’árasáin agus do scoileanna, comhairle maidir le múiríniú agus díol boscaí bruscair le haghaidh múirín, soláthar acmhainní athchúrsála (ionaid athchúrsála, ionaid tabhair leat), Bailiúchán na Dramhaíola Guaisí ó Thithe a eagrú, comhairle maidir le ceallraí a athchúrsáil.
