Logo

Bainistiú Dramhaíola i bhFine Gall

Tá ról ag Comhairle Contae Fhine Gall i roinnt Rialachán um Bainistiú dramhaíola a fhorfheidhmiú. Thug na rialacháin na dualgais forfheidhmithe d’Údaráis Áitiúla agus tá rannóg Forfheidhmithe Dramhaíola ag Comhairle Contae Fhine Gall chun déileáil leis na dualgais seo.

Tá Fodhlíthe curtha i bhfeidhm againn chun stóráil agus cur i láthair dramhaíola tí a rialú i limistéar Fhine Gall. Is féidir féachaint orthu seo ar leathanach na bhFodhlithe.

Táimid ag pleanáil don todhchaí freisin, i gcomhar leis na 3 Údarás Áitiúla eile i mBaile Átha Cliath. Tugtar sonraí ar an mbonneagar dramhaíola atá beartaithe i bhFine Gall agus ar an bPlean Bainistíochta Dramhaíola do Réigiún Bhaile Átha Cliath ar an leathanach um Pleanáil Bainistíochta Dramhaíola.

Táimid i gceannas ar láithreán líonta talún gníomhach i mBaile Amhlaoibh, Lusca, agus táimid ag obair ar Láithreán Líonta Talún Dhún Since a athchóiriú agus a chóireáil. Tugtar sonraí ar na nithe seo ar leathanach na Láithreán Talún.