Logo

Calafoirt Fhine Gall

 

Tá Calafoirt Bhaile Brigín, na Sceirí, Loch Sionnaigh agus an Rois faoi rialú Chomhairle Contae Fhine Gall. Is í an Rannóg a bhfuil an fhreagracht shainiúil uirthi as Calafoirt ná Rannóg an Chomhshaoil.


Cuimsíonn an fhreagracht seo: sábháilteacht, sláine struchtúrtha, cothabháil na n‑áiseanna loingseoireachta, diúscairt dramhaíola, páirceáil agus rialú bruscair.


Cuirfear Fodhlíthe nua in ionad na bhFodhlíthe atá ann cheana féin de réir a chéile. Cuimseoidh siad árthaí a bhogadh agus a chur i mbeart, agus an calafort a úsáid le haghaidh iascaigh agus áineasa.


Ní féidir árthaí a fheistiú nó a chur i mbeart sna calafoirt gan chead i scríbhinn a fháil ón Údarás.
Ní bhaineann an fhoráil seo le hárthaí ag lorg tearmainn nó le hárthaí i nguais.
Ní mór do mháistir árthaí mar sin teagmháil a dhéanamh leis an údarás chomh luath agus is féidir má bhíonn ar bhád teacht isteach sa chalafort agus deacrachtaí aige.
Níl cead árthaí a thréigeadh i bpurláin an chalafoirt san uisce nó ar thalamh daingean gan chead i scríbhinn.
Déanfaidh an t‑údarás árthaí, rigín, feisteas agus trealamh mar sin a bhaint, agus gearrfar an costas a bhaineann leis ar na húinéirí.