Corrthrádáil
Ceadaíonn Comhairle Contae Fhine Gall corrthrádáil ag roinnt láithreán ainmnithe, lasmuigh d’ionaid adhlactha de ghnáth, i limistéar riaracháin Chomhairle Contae Fhine Gall. Ní mór Corrthrádáil a dhéanamh de réir na sonraí agus na gcoinníollacha atá ar fáil ó Rannóg an Chomhshaoil, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An tSráid Mhór, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. Teil: (01) 890 6264.
Is féidir na Fodhlíthe um Chorrthrádáil a íoslódáil thíos.
Trádáil ar an Trá
Iarrann Comhairle Contae Fhine Gall iarratas ó dhaoine ar lamháltais i leith Trádáil Shealadach ar an Trá chun seastáin a chur ar fáil le bia agus deoch a dhíol i rith an tsamhraidh ag tránna poiblí áirithe inár limistéar riaracháin.Ní mór na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh de réir na sonraí agus na gcoinníollacha atá ar fáil ó Rannóg an Chomhshaoil, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An tSráid Mhór, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath. Teil: (01) 890 6758.

ÍOSLÓDÁIL BROWSEALOUD