Logo

Feasacht Chomhshaoil

Fáilte chuig an Rannóg Feasachta Comhshaoil de Chomhairle Contae Fhine Gall! 

Céard a dhéanann an tOifigeach Feasachta Comhshaoil?

Is é an príomhról atá ag an Oifigeach Feasachta Comhshaoil ná faisnéis a chur ar fáil duit maidir le ceisteanna bainistíochta dramhaíola. Labhair linn más mian leat eolas a fháil maidir le do dhramhaíl a laghdú, an áit le dul chun earraí a athchúrsáil, múiríniú a thosú, nó athruithe beaga a dhéanamh ar son an chomhshaoil.

Céard tá ag tarlú?

Eagraímid roinnt tionscnamh ar son an chomhshaoil i rith na bliana, agus déanaimid na tionscnaimh seo a chur chun cinn agus tugaimid faisnéis ina leith i nuachtáin, i nuachtlitreacha, ar phóstaeir sna hionaid athchúrsála agus sna leabharlanna, ar an láithreán gréasáin agus ar bhileoga. Tá ár n‑imeachtaí ar fad saor in aisce, agus tá sé mar aidhm againn oibriú lena chéile leis an bhfeasacht ar an gcomhshaol a ardú ar fud Fhine Gall. 

Conas dul i dteagmháil linn?

I dteannta na n‑imeachtaí a eagraítear, bíonn an tOifigeach Feasachta Comhshaoil ar fáil (ach cruinniú a dhéanamh) le cuairt a thabhairt ar ghrúpaí an phobail, ar chumainn na mban, ar ionaid óige srl chun cainteanna neamhfhoirmeálta a thabhairt ar na bealaí le dramhaíl a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil. Más mian leat go dtiocfaimid ar cuairt chun caint a dhéanamh, glaoigh orainn ag 01 8906236 chun cruinniú a dhéanamh.