Príomhréimsí freagrachtaí na Rannóige Forfheidhmithe Dramhaíola
Tá an Rannóg Forfheidhmithe Dramhaíola de Chomhairle Contae Fhine Gall freagrach as na rialacháin chomhshaoil seo a leanas a chur i bhfeidhm:
• An tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistiú) 2007, leasaithe.
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin) 2007
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead agus Clárú Saoráide) 2007
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach) 2001
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhaíl Ghuaiseach a Aistriú) 1998
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Trealamh Leictreach agus Leictreonach) 2005
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) 2006
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Ceallraí agus Taisc-Chealla) 2008
• Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Boinn agus Boinn Dramhaíola) 2007
Tá an rannóg freagrach freisin as bainistíocht an chórais um ghearáin maidir leis an gComhshaol agus as gearáin a iniúchadh, as a bhféadfaí caingean dlí a thionscnamh faoi na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola 1996.
Cinntíonn an rannóg go mbíonn na táirgeoirí freagrach agus comhlíontach faoi na rialacháin éagsúla thuasluaite.
Is iad oifigigh údaraithe cheaptha agus a dtugtar cumhachtaí dóibh faoi na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola 1996 a dhéanann an ról forfheidhmithe seo sa rannóg.
Is éard is cuspóir don Rannóg Forfheidhmithe i ndeireadh na dála ná comhlíonadh leis an dlí a chinntiú.Ní mór do chuideachtaí agus do dhaoine eile cloí leis an dlí, agus ní chuirtear an dlí ar dhaoine ach amháin nuair a bhíonn gá leis.

ÍOSLÓDÁIL BROWSEALOUD