Logo

Tránna i bhFine Gall

 

Meastar go bhfuil na tránna atá againn ar na háiseanna áineasa is luachmhaire atá ar fáil do mhuintir Fhine Gall. Síneann na tránna seo leis an gcósta ar feadh 30 míle, agus tá os cionn fiche áit snámha móréilimh ann.

Tá an Chomhairle buartha faoi na contúirtí don phobal a bhaineann le trácht feithiclí ar thránna Fhine Gall. Ó dúnadh tránna Dhomhnach Bat, an Rois Thuaidh agus Theas i mí Iúil, ní cheadaítear gluaisteáin ar ár dtránna. Ní cheadaítear feithiclí ar thránna Fhine Gall ach amháin feithiclí na Seirbhísí Éigeandála, na Comhairle, agus na dtrádálaithe a bhfuil cead acu bia agus deoch a dhíol le linn an tsamhraidh.

Liosta de na Tránna

Liostaítear na tránna ar fad i bhFine Gall sa rannóg seo, agus tugtar sonraí maidir le gach trá, mar shampla cur síos, rochtain, cáilíocht an uisce, garda tarrthála a bheith ann, srl.

Cáilíocht an Uisce

Tá naoi dtrá ainmnithe faoi na Rialacháin um Cháilíocht Uiscí Snámha 1992, agus déantar monatóireacht rialta ar na tránna seo i rith an tsamhraidh de réir mar a éilíonn na rialacha.

 Cuireann an Chomhairle clár glantóireachta i bhfeidhm ar na tránna móréilimh i rith an tsamhraidh. 

Gardaí Tarrthála

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall seirbhís de ghardaí tarrthála ar fáil le linn shéasúr an tsnámha (ó Mheitheamh go Lúnasa). Féach faoin trá áirithe ar liosta na dtránna chun sonraí a fháil maidir le gardaí tarrthála a bheith i láthair ar an trá sin.

Éicilipéad an‑aitheanta a bhfuil ardmheas air is ea an Bhratach Ghorm. Bronntar an bhratach seo ar thránna agus ar mhuiríní a dhéanann sárbhainistíocht comhshaoil. Bronnadh Bratach Ghorm de chuid an AE ar Thrá Phort Reachrann in 2008.

Capaill ar an Trá

Sa rannóg seo, leagtar amach na rialacha a bhaineann le marcaíocht ar chapall ar thrá lasmuigh de na cúinsí a gcuirtear síos orthu sna Fodhlíthe um Thránna (nasc le Fodhlíthe um Thránna).

Madraí ar an Trá

Bíonn srianta áirithe ar mhadraí a thabhairt chuig an trá sa tréimhse ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa gach bliain. Cliceáil ar an nasc chun sonraí a fháil.

Trádáil ar an Trá

Díolann trádálaithe trá bia agus deoch ag seastáin ar thránna poiblí i rith mhíonna an tsamhraidh i gContae Fhine Gall. Tugtar cuireadh do dhaoine iarratas a dhéanamh ar cheadanna i bhfógraí sna nuachtáin i Márta/Aibreán gach bliain de ghnáth.