Truailliú Torainn
Truailliú Torainn sa Bhaile
Déantar gearáin maidir le torann ó fhoinsí éagsúla, ina measc áirítear ceol ard, madraí ag tafann, DFÉ, aláraim bhuirgléireachta agus torann ó thithe tábhairne, ó chlubanna agus ó mhonarchana.
Má bhíonn fadhb agat le torann, go minic is é an cur chuige is fearr ná labhairt leis an duine atá freagrach agus mínigh dó/di go bhfuil an torann ag cur isteach ort. Go mion minic, ní thuigeann daoine go bhfuil siad ag cur isteach ar dhaoine eile, agus beidh siad níos tuisceanaí sa todhchaí.
Más mian leat gearán a dhéanamh maidir le torann, moltar duit cuntas a choinneáil i leith na núise torainn. Taispeánfaidh an cuntas seo cé chomh minic is a tharlaíonn an torann, conas mar a chuireann sé isteach ort, agus d’fhéadfaí é a úsáid i gcaingean dlí ar bith, mar shampla faoi alt 108.
Má bhíonn gearán agat i leith torainn ag teacht ó theach comhairle nó ó thionónta de chuid na Comhairle, déan teagmháil leis an Rannóg Tithíochta agus déanfar iniúchadh maidir le do ghearán.
Truailliú Torainn ó Láithreán Tráchtála
Más mian leat gearán a dhéanamh maidir le torann ag teacht as láithreán tráchtála, moltar duit cuntas a choinneáil i leith na núise torainn. Taispeánfaidh an cuntas seo cé chomh minic is a tharlaíonn an torann, conas mar a chuireann sé isteach ort, agus d’fhéadfaí é a úsáid i gcaingean dlí ar bith. Cabhraíonn sé lenár n‑iniúchadh, agus tú ag déanamh gearáin, má bhíonn ainm teagmhála agus seoladh an láithreáin/áitribh agat ionas gur féidir linn plé le do ghearán níos tapúla.
Is féidir leat bileog de dhialann torainn agus foirm alt 108 a íoslódáil thíos.

ÍOSLÓDÁIL BROWSEALOUD