Logo

Caomhnú & Oidhreacht

Cosaint na hOidhreachta Tógtha agus Nádúrtha


Tá oidhreacht shaibhir éagsúil nádúrtha agus tógtha ag Fhine Gall, idir shráidbhailte suaimhneacha i dtírdhreach álainn, lonnaíochtaí cois trá, cósta garbh, forbairtí uirbeacha agus bailte stairiúla. Chuir Comhairle Contae Fhine Gall polasaithe agus cuspóirí san áireamh i gCuid VIII de Ráiteas Scríofa Phlean Forbartha Fhine Gall 2005 - 2011 chun cosaint agus caomhnú a dhéanamh ar an oidhreacht nádúrtha agus thógtha a bhfuil suntas ag baint léi sa chontae.  Tugadh ainmniúcháin éagsúla do ghnéithe seandálaíochta, ailtireachta agus tírdhreacha i bhFine Gall chuige seo. 
 
Seo a leanas na struchtúir atá faoi chosaint:

o Séadchomharthaí Taifeadta 

o Struchtúir faoi Chosaint (ar a dtugtaí Foirgnimh Liostaithe roimhe seo)

o Limistéir Chaomhantais Ailtireachta
 


An t-ainmniúchán is tábhachtaí le haghaidh na hoidhreachta nádúrtha ná:

o Limistéir Speisialta Caomhantais (LSC)

o Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LfC)

o Limistéir Oidhreachta Náisiúnta (LON)

o Ordú um Limistéir Taitneamheachta Speisialta (OLTS)