Logo

Forbairt Neamhúdaraithe

Cad is Forbairt Neamhúdaraithe ann?

Baineann forbairt neamhúdaraithe le forbairtí agus/nó úsáidí eile atá ag sárú dlíthe pleanála. Tugtar Forfheidhmiú Pleanála air seo freisin. 
 
Bíonn forbairt neamhúdaraithe sna cásanna seo a leanas :-

o I gcás go n-éilítear cead pleanála agus nach bhfuarthas an cead sin.
o I gcás gur tugadh cead pleanála ach nach bhfuil an fhorbairt á déanamh de réir na bpleananna a taisceadh ná na coinníollacha a bhí ag gabháil leis an gcead pleanála nuair a tugadh é.
o I gcás nach gcomhlíonann an fhorbairt na coinníollacha go léir agus an teorannú chun cáiliú mar fhorbairt atá díolmhaithe.
 
Cad is Forbairt Dhíolmhaithe ann?

Is éard is forbairt dhíolmhaithe ann ná forbairt nach n-éilítear cead pleanála di. Tríd is tríd, áiríonn forbairt dhíolmhaithe mhionfhorbairtí amhail:-

o Síneadh, seid, garáiste nó balla teorann a thógáil srl. Laistigh de limistéar tithe cónaithe faoi réir coinníollacha agus teorannaithe (féach thíos) agus nach bhfuil srianta ag coinníoll i gcead pleanála,
o Oibreacha nach mbeidh éifeacht acu ach ar thaobh istigh struchtúir.
o Oibreacha nach mbeidh éifeacht acu ar chuma sheachtrach struchtúir.
o Roinnt Athruithe Úsáide.

Tá sonraí iomlána maidir le forálacha na forbartha díolmhaithe lena n-áirítear coinníollacha agus teorannú le fáil i Sceideal 2, Cuid 1 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, I.R. 600 de 2001 atá ar fáil ar www.irishstatutebook.ie.

Ba chóir do dhaoine atá ina gcónaí in eastáit tithíochta a tógadh le déanaí cead pleanála a sheiceáil le haghaidh forbartha mar go mbíonn coinníollacha i bhfeidhm ó am go cheile a shonraíonn go bhfuil gá le cead pleanála le haghaidh forbartha a bheadh díolmhaithe de ghnáth.
 
Conas is féidir liom a sheiceáil gur tugadh cead pleanála le haghaidh forbartha?

Is féidir leat iniúchadh a dhéanamh ar an gClár Pleanála sa Rannóg Pleanála. Liostaí Pleanála. Féadtar amharc ar líníochtaí ag an gCuntar Poiblí Pleanála.
 
I gcás gur sáraíodh dlíthe pleanála trí thaisme cad ba chóir dom a dhéanamh?

Má tá tú den tuairim gur sáraíodh dlíthe pleanála ba chóir duit dul i dteagmháil le Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall chun na céimeanna a phlé a mheasann tú is gá chun an scéal a réiteach. 
 
Gearán a Dhéanamh

Nóta Eolais:  Ní airbheartaíonn an treoir seo bheith ina léiriú dlíthiúil ar fhorálacha na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 - 2006 agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001