Logo

Plean Forbartha Fhine Gall 2011-2017

Ag seoladh Aighneachta ar líne maidir leis an Dréachtphlean Forbartha 2011-2017
Má tá aon deacrachtaí teicniúla agat maidir le d'Aighneacht ar líne - tá uimhir teagmhála éigeandála (087 2152527) ar fáil ar an Satharn 12 agus Domhnach 13 Meitheamh idir 9.00rn agus 5.30in'

Ba mhaith liom an deis seo a thapú buíochas a ghabháil le gach duine a chaith dua le haighneacht a dhéanamh ar an Leabhrán Comhairliúcháin Phoiblí – “Your Fingal – The Future is in Your Hands”. Tá buíochas ar leith ag dul dóibh siúd a d’fhreastail ar na ceithre oíche chomhairliúcháin agus na trí chruinniú do pháirtithe leasmhara, - gach cruinniú ag spreagadh díospóireacht shuimiúil.  

Chríochnaigh an chéad tréimhse chomhairliúcháin 8 seachtaine ar an 26 Meitheamh 2009. San iomlán fuarthas isteach is amach le 553 aighneacht ó bhaill den phobal, ó ghrúpaí pobail, ó ghnóthaí agus ó eagraíochtaí. Ní dhearnadh ach breithniú ar aighneachtaí a bhain le saincheisteanna straitéiseacha ag an gcéim seo.  

Rinneadh breithniú ar na haighneachtaí seo agus cuireadh na saincheisteanna iontu san áireamh i dTuarascáil an Bhainisteora. Tá Tuarascáil an Bhainisteora mar chuid den phróiseas reachtúil le haghaidh ullmhú Plean Forbartha mar atá leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt  2000-2006.

Níor seoladh an tuarascáil seo chuig comhaltaí tofa Chomhairle Contae Fhine Gall go dtí an 20 Lúnasa 2009 agus déanfaidh siad breithniú uirthi ag cruinnithe speisialta comhairle Dé Máirt 21 Deireadh Fómhair, 2009. Beidh toradh na mbreithniúchán seo mar chuid den ionchur d’ullmhú Dhréachtphlean Forbartha 2011 - 2017.

Cuirfear cóip de Dréachtphlean Forbartha ar taispeáint go poiblí go luath i mí Aibreáin 2010, agus ina dhiaidh sin beidh tréimhse chomhairliúcháin 10 seachtaine ann, mar a mbeidh an deis ag an bpobal agus ag páirtithe leasmhara eile aighneachtaí breise a dhéanamh.

Gilbert Power
Stiúrthóir Pleanála