Scéim Tobhach Ranníocaíochta Forbartha & Táillí Pleanála
Scéim Ranníocaíochta Forbartha
Ar an 8 Nollaig 2003 ghlac Comhairle Contae Fhine Gall Scéim Ranníocaíochta Forbartha i dtreo bonneagar poiblí agus áiseanna sa limistéar. Tá gach cead pleanála a ceadaíodh tar éis an dáta sin faoi réir choinníollacha na scéime seo agus áiríonn sin ceadanna pleanála a tugadh tar éis achomharc a dhéanamh leis an mBord Pleanála.
Tá rátaí nuashonraithe na Scéime Ranníocaíochta Forbartha i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2009 agus seo a leanas na rátaí sin:
o Leibhéal na ranníocaíochta i ndáil le forbairt Chónaitheach - €143 in aghaidh an mhéadair chearnaigh.
o Leibhéal na ranníocaíochta i ndáil le forbairt Thionsclaíoch/Tráchtála €111 in aghaidh an mhéadair chearnaigh.
Déanfar na rátaí ranníocaíochta seo a nuashonrú ar an 1 Eanáir gach bliain de réir an Treoirphraghais Tairisceana. Cuirfear na praghsanna thuasluaite i bhfeidhm i ndáil le ceadanna pleanála ar bhonn dháta thús na forbartha.
Tá foráil sa scéim thuasluaite le haghaidh íocaíocht chéimneach na ranníocaíochtaí airgeadais.
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil leis an Rannóg Bannaí & Ranníocaíochtaí @ 01 8905545
Táillí Iarratais Phleanála
Bíonn táillí le haghaidh Iarratais Phleanála éagsúil ag brath ar chineál na forbartha beartaithe. Tá na táillí seo liostáilte sa cháipéis pdf atá ceangailte ag deireadh an rannáin seo.
o Liostaí Tionscadail na Scéime Ranníocaíochta Forbartha - doc - 154kbs

