Logo

Cóiríocht don Lucht Siúil

Tá an Rannóg Tithíochta don Lucht Siúil freagrach as freastal ar riachtanais tithíochta don lucht siúil i limistéar Fhine Gall, a áiríonn tuairim is 350 teaghlach.
An Clár Cóiríochta don Lucht Siúil:
Faoi Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998, éilítear ar an gComhairle i gcomhar leis an lucht siúil agus leis an bpobal i gcoitinne Clár Cóiríochta cúig bliana don Lucht Siúil a ullmhú agus glacadh leis. Cuimsíonn an Clár Cóiríochta reatha an tréimhse 2009 - 2013.