Scéim Chóiríochta ar Cíos
Tá an SCC (Scéim Chóiríochta ar Cíos) i bhfeidhm i limistéar Fhine Gall ón mbliain 2006 i leith. Faoin scéim seo gheobhaidh Comhairle Contae Fhine Gall tithe príobháideacha ar chaighdeán maith ar fud an Chontae le haghaidh tithíocht shóisialta. Tar éis don Chomhairle a chinntiú go bhfuil na tithe oiriúnach dár riachtanais tithíochta agus go bhfuil na Tiarnaí Talún ag comhlíonadh ceanglais chánach, aontaítear cíos míosúil ag an bpraghas is iomaíche do thréimhse an léasa suas le 5 bliana. Ráthaítear an cíos míosúil do na Tiarnaí Talún don tréimhse seo. Mar chúiteamh air seo bíonn cead eisiach ainmniúcháin ag an údarás áitiúil maidir leis an maoin.Déanfar tithe SCC a leithdháileadh tríd an Rannóg Léithdháiliúcháin ar theaghlaigh a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu agus nach féidir leo tithíocht a sholáthar as a n¬-acmhainní féin chun freastal ar a riachtanais. i. Tá fóirdheontas Cíosa á fháil acu ó FSS le haghaidh tréimhse níos mó ná 18 mí agus tá siad ar ár Liosta Faofa le haghaidh Tithíochta
