Logo

FAOI THITHÍOCHT AR PHRAGHAS RÉASÚNTA

Cuidíonn Tithíocht ar Phraghas Réasúnta le daoine atá ag ceannach tí den chéad uair teach a cheannach tríd an gComhairle Contae ag praghas i bhfad níos ísle ná mar a d’fhéadfaidís ar bhonn príobháideach. Is éard atá i dteach ar phraghas réasúnta ná teach a dhíoltar ag praghas atá níos ísle ná an luach margaidh. Le roinnt blianta anuas bhí Comhairle Contae Fhine Gall réamhghníomhach i soláthar rithe sa chontae ar phraghsanna réasúnta. Ón mbliain 2001, díoladh breis is 1,200 teach faoin Scéim Tithíochta ar Phraghas Réasúnta. Bhí na tithe seo saintógtha ag Comhairle Contae Fhine Gall nó faighte faoi Chuid V de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2002. Sa bhliain 2008 dhíol Comhairle Contae Fhine Gall 400 teach ar phraghas réasúnta agus beidh tuilleadh tithe ar fáil ar fud an chontae sa bhliain 2009. I gcás go mbeidh tithe nó árasáin ar fáil le díol, déanfar iad a thairiscint do dhaoine a fuair faomhadh iasachta sealadach faoi théarmaí na Scéime.
CÉ ATÁ INCHÁILITHE?
 
Ní foláir d’iarratasóirí na critéir ghinearálta seo a leanas a chomhlíonadh:
 -   Ceannaitheoirí Céaduaire. Tá eisceachtaí áirithe i bhfeidhm m.sh. má tá an t-iarratasóir scartha go dlíthiúil nó colscartha
-    I lánfhostaíocht le 6 mhí ar a laghad roimh dhéanamh an iarratais
-    Ag comhlíonadh na teorann ioncaim arna leagan amach thíos.
 
AR AN LUAN, 3 SAMHAIN 2008 MÉADAÍODH TEORAINNEACHA IONCAIM:
Iarratasóir Aonair: Ní mór don ioncam a bheith níos ísle ná €60,000.00 sa bhliain chánach roimh ré
Tá sé seo bunaithe ar P60 & P21 don bhliain chánach roimh ré
NÓ 
I gcás go bhfuil tú Féinfhostaithe beidh sé bunaithe ar an bhfógra Measúnachta ó na Coimisinéirí Ioncaim don bhliain chánach roimh ré.
Comhiarratasóirí: €165,000.00         N.B. Tá seo bunaithe ar na ríomhadh seo a leanas: 
Príomhshaothraí ioncaim X 2.5 + Ioncam an Dara Saothraí, ní foláir don figiúr seo bheith níos ísle ná €165,000.00
Bunaithe ar P60 & P21 le haghaidh gach iarratasóra don bhliain chánach roimh ré

I gcás go bhfuil tú Féinfhostaithe beidh sé bunaithe ar an bhfógra Measúnachta ó na Coimisinéirí Ioncaim don bhliain chánach roimh ré.
CONAS CUR ISTEACH AIR?
Chun cur isteach ar an Scéim do Thithíocht ar Phraghas Réasúnta féach ár Leabhrán Eolais faoi Thithíocht ar Phraghas Réasúnta agus an Fhoirm Iarratais a ghabhann leis le haghaidh tuilleadh sonraí (chun íoslódáil a dhéanamh air, cliceáil ar thaobh na láimhe deise ar an leathanach seo) nó téigh i dteagmháil leis an Rannóg Tithíochta ar Phraghas Réasúnta, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 ag 8905591 chun cóip a fháil.
Ar díol faoi láthair faoin Scéim Tithíochta ar Phraghas Réasúnta
Baile Brigín:
The Hastings, Baile Brigín: tithe 2 & 3 sheomra codlata ó €175,000 go €189,500
Dún Saithne, Baile Brigín: tithe 2 & 3 sheomra codlata ó €128,000 go €152,000
Bremore Pastures, Baile Brigín: árasáin 2 sheomra codlata ó €159,000
Brackenwood, Baile Brigín: árasáin 2 sheomra codlata  - €153,000
Ringfort, Baile an Ridire: tithe 2 sheomra codlata ó €152,000 go €160,000
An Ros:  
Golden Ridge, An Ros: árasáin 2 sheomra codlata & tithe 3 sheomra codlata ó €187,000 go €199,500
Domhnach Bat:
Turvey Walk, Domhnach Bat: árasáin 1 & 2 sheomra codlata ó €150,000 go €173,000
Baile Dúill:
School Lane, Baile Dúill: tithe 2 sheomra codlata lár-ardáin ó €213,000 agus tithe 2 sheomra codlata scoite ó €219,000
Baile Gháire: tithe 3 sheomra codlata ó €180,000 go €184,000
Baile Maidheac, Fionnghlas:
Creston, Bóthar San Maighréad, Baile Maidheac, Fionnghlas: árasáin 2 sheomra codlata  - €180,000
Mayeston, Bóthar San Maighréad, Baile Maidheac, Fionnghlas: árasáin 1 & 2 sheomra codlata ó €170,000
Charlestown Centre, Baile Maidheac, Fionnghlas: árasáin mhóra 2 sheomra codlata  - €187,000
Sord:
Holywell, Sord: tithe 2 & 3 sheomra codlata ó €172,000 go €185,000
Boru Court, Bóthar Fhoraois na Giúise, Sord: tithe 2 sheomra codlata ó €186,500
Cedar Grove/Lawn, Coill an Droma, Sord: árasáin 2 sheomra codlata ó €172,000
The Pavillions, Sord: árasáin mhóra 2 sheomra codlata ó €175,000
Russell Court, Feltrim Rd, Sord: árasáin 2 sheomra codlata lán troscán ar leibhéal na talún  - €229,000
Baile Átha Cliath 15:
Parnell, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15: árasáin 2 sheomra codlata agus déphléascaigh 3 sheomra codlata  ó €180,000 go €205,000
Cruise Park Drive/Avenue, Baile an Tirialaigh, Baile Átha Cliath 15: árasáin 2 sheomra codlata ó €162,000
Latchford, Baile Átha Cliath 15: tithe 2 sheomra codlata €172,000
Phibblestown Wood, Baile Átha Cliath 15: árasáin 2 sheomra codlata ó €175,000
Windmill, Baile an Phóirtéaraigh, Baile Átha Cliath 15: árasán 2 sheomra codlata  - €186,000
Weaver's Row, Cluain Saileach, Baile Átha Cliath 15: árasán 2 sheomra codlata - €185,000