Logo

Caomhnú Uisce

“Tá Uisce an Domhain á ídiú”.
Ach conas is féidir leis seo tarlú? 'Go han-éasca' an freagra, ar an drochuair. Tá 97% d'uisce an domhain sna farraigí agus mar sin ní féidir é a ól, agus 2.15% eile den uisce ceaptha i gcnoic oighir. Is fíorbheag an méid uisce atá ar fáil do dhaoine i ndáiríre; tá sé ríthábhachtach mar sin dúinn an t-uisce atá againn a chaomhnú agus a chosaint, go háirithe más mian linn go mbeidh uisce atá sábháilte le hól ag clann ár gclainne.
Cad as a dtagann an t-uisce óil?
Is fear tosú ag an tús.  Gluaiseann uisce i dtimthriall ón talamh go dtí an t-aer agus ar ais go dtí an talamh i bpróiseas ar a dtugtar timthriall an uisce. Ar an talamh tagann uisce óil as dhá fhoinse: (1) uisce dromchla ó shrutháin, aibhneacha nó lochanna, agus (2) screamhuisce ó uiscí faoi thalamh. Déantar screamhuisce a phumpáil go dromchla na talún as toibreacha. Is beag an chóireáil is gá a dhéanamh ar an uisce seo de ghnáth mar go mbíonn scagadh déanta air cheana féin trí ghaineamh agus carraigeacha agus é ag socrú síos sa talamh. Ní mór scagadh a dhéanamh ar uisce dromchla áfach chun síolta, gaineamh nó ábhar orgánacha a bheadh bailithe ag an uisce agus é ag gluaiseacht ó áit go háit a bhaint amach. Cuirtear ceimicí leis chun an próiseas a úsáideann an nádúr chun uisce a ghlanadh a bhrostú. Tagann níos mó ná 90% den uisce a úsáidimid i bhFine Gall ó Abhainn na Life. Déantar uisce sábháilte le hól as ag ár n-ionad cóireála i Léim an Bhradáin.
Caomhnú ár soláthar luachmhar uisce.
Ní gá go mbeadh orainn airgead a chaitheamh chun difríocht a dhéanamh; is leor athrú beag a dhéanamh sa dóigh a ndéanaimid ár ngnáthghníomhíochtaí sa teach agus sa ghairdín.
Sa teach
Is féidir linn beagnach 45 lítear uisce a shábháil sa lá sa chistin má fhanaimid go dtí go mbíonn an miasniteoir lán sula n-úsáidimid é. Is féidir uisce a shábháil sa seomra folctha má chuirimid as an sconna agus ár bhfiacla á scuabadh againn nó nuair a bhímid dár mbearradh féin. Is féidir an-chuid uisce a shábháil freisin trí chithfholcadh gearr a ghlacadh seachas cithfholcadh nó folcadh fada. Fan freisin go dtí go mbíonn an t-inneal níocháin lán sula n-úsáidtear é agus sábhálfaidh tú idir uisce agus airgead.
Lasmuigh den teach
Is féidir úsáid uisce a laghdú trí uisce a chur ar an ngairdín go luath ar maidin nó go déanach sa tráthnóna chun galú a laghdú. Má ligtear don fhéar fás beagán níos airde laghdófar cailliúint uisce trí níos mó fothana a thabhairt do na fréamhacha, rud a choinníonn uisce san ithir. Is féidir níos mó ná 50 faoin gcéad den uisce a úsáidtear de ghnáth chun aire a thabhairt do phlandaí lasmuigh má chuirtear plandaí atá oiriúnach don cheantar ('plandaí dúchasacha'). Áirítear ina measc seo Artemisia, Sáiste, Cróch agus Coinneal Oíche. Is féidir tomhailt uisce a laghdú freisin tri ábhar orgánach a choinníonn uisce a chur san ithir nó uisce a bhailiú le píopaí draenála isteach i mbairrillí uisce.