Dúnadh Bóthair go Sealadach
An dteastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar bhóthar a dhúnadh go sealadach? Ma theastaíonn, léigh an t-eolas seo go cúramach, le do thoil.
Ní mór iarratas a dhéanamh 6 sheachtain roimh dháta dhúnadh sealadach an bhóthair
Ba chóir go gcuimseodh iarratas ar dhúnadh bóthair:
- Litir iarratais le huimhreacha teagmhála
- Cur síos ar chineál na hoibre atá le déanamh
- Amanna agus dátaí an dúnta atá i gceist
- Cóip de theastas árachais ag slánú Comhairle Contae Fhine Gall go huasmhéid €6.5 milliún.
- Cóip de phlean bainistithe tráchta
- Mapa ag léiriú láthair an dúnta atá ag teastáil.
- Táille neamh-in-aisíoctha de €1,000 chun na costais uile fógraíochta agus riaracháin a chlúdach.
Táillí
€1,000 2 lá nó níos lú
€2,000 3 - 7 lá san áireamh
€5,000 7 - 28 lá san áireamh
€7,000 > 28 lá
Bíonn táille €200 sa lá le híoc nuair a théann dúnadh thar an líon laethanta a bhíonn san iarratas.
Foirmeacha Bainteacha
Iarratias Dúnadh Sealadach Bóthair (27582 L)Iarratias Dúnadh Sealadach Bóthair (27582 L)