Ceadúnais agus Aithint Madraí

Breis eolais thíos 

Ceadúnais Madraí

Is féidir ceadúnas do mhadra a cheannach ar líne ag Seirbhís Ar Líne Cheadúnas Madraí, ag Oifig Poist ar bith nó ag Halla an Chontae, An Príomhshráid, Sórd. Costas ceadúnas: €20.00 gach bhliain. Costas Ceadúnas i gcóir saol an madra €140.00. Mura bhfuil ceadúnas agat le haghaidh do mhadra tá tú i mbaol fíneála €100 ar an toirt. Mura n-íoctar an fhíneáil d’fhéadfaí tú a ionchúiseamh agus, má chiontaítear thú, uasfhíneáil de €1,270 a ghearradh ort agus/nó 3 mhí sa phríosún.

Ní bheidh Seirbhís Athnuachan Ceadúnais Madra Ar Líne le fáil ó mí Lúnasa 2017 go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Aitheantas do Mhadraí

Ní mór go mbeadh coiléar á chaitheamh ag do mhadra a bhfuil d’ainm agus do sheoladh scríofa air, nó scríofa ar phláta, suaitheantas nó diosca atá i gceangal sa choiléar. Mura bhfuil aitheantas agat le haghaidh do mhadra tá tú i mbaol fíneála €100 ag an maor madraí nó sa Chúirt Dúiche d’fhéadfaí fíneáil €1,270 a ghearradh ort agus/nó trí mhí sa phríosún.

Ceadúnas Madra Ar Líne (link)