Pobail Níos Glaine 2017

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall na Gradaim Pobail Níos Glaine 2017 a fhógairt.

Comórtas é seo a bheidh ar siúl ar fud an chontae agus é d’aidhm leis ár gContae a dhéanamh níos glaine agus níos glaise le cónaí ann.

Tugann na Gradaim aitheantas don obair a dhéanann cónaitheoirí, grúpaí pobail agus gnólachtaí d’fhonn an áit a choinneáil saor ó bhruscar agus slachtmhar.  

Táimis ag fáiltiú roimh iontrála anois do 2017 dáta deiridh d'iarratais 4.30 in Dé hAoine, 2 Meitheamh, 2017.

Is féidir na foirmeacha a íoslódáil thíos

2017 Residential Application Form

2017 Commercial Application Form

2017 Green Business Application Form

 

Tuilleadh eolais, déan teagmháil le Waste Management Section, Environment Division, Fingal County Council rphost cleaner.communities@fingal.ie  teil : (01) 8906721

 

Gradaim 2016 do Phobail Níos Glaine

Cleaner Communities 2016

Reáchtáladh Gradaim 2016 do Phobail Níos Glaine in Ionad an Crowne Plaza, Ionad Bhaile Bhlainséir, Déardaoin, an 13ú Deireadh Fómhair, 2016. Trí na Gradaim seo, cúitítear áitritheoirí, grúpaí pobail agus gnólachtaí as a gcuid iarrachtaí chun pobal nó áit gnó i bhFine Gall a choinneáil saor ó bhruscar agus a choinneáil slachtmhar.  Bhí breise agus 100 iarratas ann i mbliana a bhain le catagóirí éagsúla. 

Bhronn an Méara, an Comhairleoir Darragh Butler, gradaim ar 38 duine ar an oíche.   Ba iad buaiteoirí an chomórtais ná Coiste Bailte Slachtmhara na Sceirí.  Tríd an gradam seo, aithnítear na huaireanta fada d'obair chrua a dhéanann baill an choiste agus an cúram a dhéanann siad den obair sin.  Bhuaigh Coiste Bailte Slachtmhara na Sceirí Duais na mBuaiteoirí Foriomlána freisin, i gcomórtas Náisiúnta na mBailte Slachtmhaire. Mar sin, an-bhliain a bhí ann do mhuintir na Sceirí!

 Is mian le Comhairle Contae Fhine Gall buíochas agus moladh a thabhairt do na hiarratasóirí go léir as a bpobail a spreagadh chun páirt a ghlacadh áit níos glaine agus níos glaise a dhéanamh d'Fhine Gall. 

Déan Teagmháil Linn

Ríomhphost: cleaner.communities@fingal.ie
Teil: (01) 8906721