Ionaid Athchúrsála
Tá dhá ionad athchúrsála in Fhine Gall – Ionad Athchúrsála Chúil Mhín agus Ionad Athchúrsála an Inbhir
Cá bhfuilimid le fáil
Tá Ionad athchúrsála Chúil Mhín ar Eastát Tionsclaíochta Chúil Mhín, Baile Átha Cliath 15. Táimid le taobh Stáisiún Dóiteáin Chúil Mhín.
Teileafón: (01) 890 5986
Tá Ionad Athchúrsála an Inbhir i Sórd, le taobh Pháirc Gnó Shóird, ar mhótarbhealach an M1.
Teileafón: (01) 890 5985
Aimsigh na hionaid athchúrsála ar an mapa
Uaireanta Oscailte
|
|
Ionad Athchúrsála Chúil Mhín |
Ionad Athchúrsála an Inbhir |
|
Dé Luain |
Ar Oscailt 9am go 4pm |
Ar Oscailt8am go 8pm |
|
De Máirt |
Ar Oscailt 9am go 4pm |
Ar Oscailt8am go 8pm |
|
Dé Céadaoin |
Ar Oscailt 9am go 4pm |
Ar Oscailt8am go 8pm |
|
Déardaoin |
Ar Oscailt 9am go 4pm |
Ar Oscailt8am go 8pm |
|
Dé hAoine |
Ar Oscailt 9am go 4pm |
Ar Oscailt8am go 8pm |
|
Dé Sathairn |
Ar Oscailt 9am go 4pm |
Ar Oscailt8am go 6pm |
|
Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Bainc |
Dúnta |
Dúnta |
|
|
|
|
Tabhair ar d’aire, le do thoil: Le linn drochaimsire tharlódh sé go mbeadh ar na hionaid athchúrsála dúnadh ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta.
Na hábhair is féidir a thabhairt isteach
Ní thógann na hionaid athchúrsála ach dramhaíl tí. Ní ghlactar le dramhaíl tráchtála.
An bhfuil dea-riocht ar na hearraí ar mhian leat a bheith réidh leo? Má tá cén fáth nach gcuirfeá fógra ar www.freetradeireland.ie? Ar an mbealach sin beidh tú ag coigilt airgid agus beidh saol eile ag do chuid earraí agus is mó an tairbhe a bheadh ann don chomhshaol seachas iad a athchúrsáil.
Glactar leo seo thíos saor in aisce
- páipéar
- cairtchlár
- cartáin
- cannaí agus stáin
- buidéil agus crúscaí gloine
- buidéil phlaisteacha – ba chóir iad a bheith nite agus brúite ar a chéile agus na caipíní bainte díobh.
- pacáistíocht ghlan phlaisteach
- éadaí
- Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach(WEEE)
- feadáin fhluaraiseacha agus bolgáin a bhí tíosach ar fhuinneamh
- batairí carranna agus tí
- ola cócaireachta agus ola innill
Inghlactha ar Tháille
- dramhaíl théagartha (m.sh. troscán, cairpéid)
- adhmad
- miotal
- dramhaíl ghlas (teoranta do charranna agus do leantóirí beaga)
- ithir agus clocha
- duivéanna agus piliúir
- dramhaíl ghuaiseach tí (péint, lotnaidicídí, glantóirí tí, &rl.)
Cé mhéad a chosnaíonn sé
Búit chairr: €8 (€4 ar dhramhaíl ghlas amháin)
Carr Lán: €16 (€8 ar dhramhaíl ghlas amháin)
Carr-Veain / carr agus leantóir beag (uasmhéid 6tr. x 2tr.): €40 (€24 ar dhramhaíl ghlas amháin)
Veain Beag (uasmhéid 212 tr.chiúb.): €128 (níl dramhaíl ghlas ceadaithe)
Mura bhfuil agat ach Dramhaíl Ghuaiseach Tí an táille ná €4
Bealaí le hÍoc
Is féidir íocaíocht a dhéanamh ag an ionad athchúrsála le cárta dochair/cárta creidmheasa. Mura bhfuil cárta dá leithéid agat b’fhiú smaoineamh ar chárta réamhíocaíochta mar Chárta Airgid O2 nó Cárta Payzone a úsáid.