Ná Cuir Bia Amú
Sábháil Airgead agus Gearr Anuas ar Dhramhaíl

Cuirimid uile bia amú. Níl aon neart air – athraítear pleananna, réitítear an iomarca, imíonn rudaí atá fágtha sa chuisneoir ó mhaith, déanaimid dearmad ar rudaí atá in íochtar an reoiteora, &rl. Os rud é go mbíonn cur amú bia ag tarlú ar chúiseanna difriúla tá bealaigh difriúla ann inar féidir le gach duine againn cur amú bia a laghdú agus airgead a shábháil.
Thug ‘Ná Cuir Bia Amú’ dúshlán 14 theaghlach i Sceirí sprioc a shocrú dóibh féin a gcuid dramhbhia a laghdú de ¼ ar a laghad. Ar an gcaoi sin d’éirigh leo an oiread le €60 sa mhí a shábháil – cúnamh mór chun cuid de na billí a íoc!
An Dúshlán Ná Cuir Bia Amú – bealach blasta é le dramhbhia a laghdú agus le níos mo airgid a chur i do phóca – agus is éard atá i gceist ná ceithre chruinniú d’uair a chloig a tharlaíonn thar thréimhse 5 sheachtain. Táthar á n-óstáil ag Edwina Dunford, Oifigeach Oideachas Comhshaoil Chomhairle Contae Fhine Gall.
Chuimsigh na cruinnithe gach a leanas:
- Feasacht faoi chéard atá á chur amú
- An tábhacht a bhaineann le pleanáil cheart i leith béilí agus úsáid a bhaint as liosta siopadóireachta
- Conas is féidir a chinntiú nach gcuireann tú amú an t-airgead atá tuillte go daor agat, ar bhia nach bhfuil uait i ndáiríre, trí shiopadóireacht chliste.
- Bia a stóráil i gceart agus an leas is fearr a bhaint as a bhfuil ceannaithe agat.
- Bealaigh nua leis an mbia atá sa bhaile agat a chócaráil, a dháileadh agus a athúsáid.
- Ar deireadh conas déileáil le dramhbhia dosheachanta a bhíonn againn agus mórchuid modhanna mhúiríniú baile.
Trí aghaidh a thabhairt ar an dúshlán seo rinneamar dramhbhia a laghdú, airgead a shábháil agus bhí spraoi againn ar an mbealach!
Le haghaidh eolais logáil isteach ar www.stopfoodwaste.ie