Garraithe Scóir

Garraithe Scóir Comhairle Contae Fhine Gall
Déanann Comhairle Contae Fhine Gall thart ar 900 garraí scóir ar cheithre láthair dhifriúla ar fud an Chontae a bhainistiú. Tá trí láthair dár gcuid suite sa Chontae Thuaidh ag Tuirbhé i nDomhnach Bat, Na Sceirí agus Baile Brigín. Tá an ceathrú láthair ag Baile an Phaoraigh, gar do Mhullach Eadrad i mBaile Átha Cliath 15.
Tá garraithe scóir ar thrí mhéad dhifriúla ar fáil ar cíos: 50m.ch., 100m.ch. agus 200m.ch. (Níl na garraithe scóir 200m.ch. ar fáil ach ar láithreacha Bhaile Brigín agus Thuirbhé). Fágann sin go bhfuil garraí scóir ar fáil a fheileann gach leibhéal spéise, cleachtaidh agus ama le caitheamh leis.
Faoi láthair tá Coistí Garraithe Scóir an-ghníomhach ag feidhmiú ar láithreacha na ngarraithe scóir. Déanann na coistí seo ionadaíocht ar son sealbhóirí garraithe scóir agus cuireann siad leas na sealbhóirí sin chun cinn. Ní mór do gach sealbhóir garraí scóir a bheith ina bhall dá Choiste Garraí Scóir. An táille bhliantúil atá ar bhallraíocht ná €10. Níl le híoc ach táille €10 amháin beag beann ar líon na ngarraithe scóir a bheadh ar cíos ag duine. Oibríonn Comhairle Contae Fhine Gall go dlúth le Coistí Garraithe Scóir agus iad ag déileáil le haon saincheist a bheadh le réiteach.

An bhfuil Garraí Scóir agat faoi láthair? An bhfuil suim agat do Gharraí Scóir a athnuachan do 2017?
Beidh tréimhse athnuachana 2017 ann ón Luan 2ú Eanáir 2017 go dtí an Máirt 31ú Eanáir, 2017.
1. Comhlánaigh an Fhoirm Athnuachana Garraí Scóir - AL2.
2. Comhlánaigh an comhaontú bán ceadúnais le d’ainm, do sheoladh, ainm na scéime garraí scóir, agus d’uimhir garraí scóir. Ná dearmad an Comhaontú a shíniú agus dáta agus síniú duine eile mar fhinné a bheith curtha leis.
3. Glaoigh ar an Oifig Airgeadais ag 01 8905309 nó ar 01 890 5376, déan an íocaíocht chuí i leith an gharraí scóir mar aon le Táille an Choiste Garraí Scóir de €10.
4. Seol na foirmeacha comhlánaithe mar aon le cruthúnas íocaíochta chuig Chomhairle Contae Fhine Gall, Rannóg na nOibríochtaí (Garraithe Scóir), Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 roimh an dáta deiridh.
Níl Garraí Scoir agat faoi láthair? An bhfuil suim agat Garraí Scóir a fháil ar cíos uainn do 2017?
Glactar le hiarratais nua ar bhonn leathbhliana.
Beidh ligean luathshéasúir do 2017 ar siúl ón Luan 2ú Eanáir go dtí an Máirt 31ú Eanáir agus beidh ligean meánshéasúir do 2017 ar siúl ón Déardaoin 1ú Meitheamh go dtí an Aoine 30ú Meitheamh.
1. Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais Garraí Scóir –AL1.
2. Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig Chomhairle Contae Fhine Gall, Rannóg na nOibríochtaí (Garraithe Scóir), Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15 roimh an dáta deiridh.
Beimid i dteagmháil leis na hiarrthóirí nua ar fad nuair a bheidh an dáta deiridh ligin a bhaineann caite.
Tabhair ar d’aire, le do thoil, nach ndéanfar machnamh ar iarratais nua ach amháin le linn na dtréimhsí luathshéasúir agus meánshéasúir gach bliain. Níl córas liosta feithimh le haghaidh Garraithe Scóir in úsáid ag Comhairle Contae Fhine Gall a thuilleadh. Déanfar Garraithe Scóir a leithdháileadh ar bhonn an té is túisce a thagann.
Ceadúnais na Bliana 2017 agus na Táillí Bainteacha
|
Scéim Garraithe Scóir |
Ceadúnas na Bliana 2017 |
50m.ch |
100m.ch |
200m.ch |
Táille Coiste |
|
Baile Brigín |
01 Feabh - 31 Nollaig |
€50 |
€100 |
€200 |
€10 |
|
Baile an Phaoraigh |
01 Feabh - 31 Nollaig |
€50 |
€100 |
N/A |
€10 |
|
Na Sceirí |
01 Feabh - 31 Nollaig |
€50 |
€100 |
N/A |
€10 |
|
Tuirbhé |
01 Feabh - 31 Nollaig |
€50 |
€100 |
€200 |
€10 |
Tabhair ar d’aire, le do thoil, go ngearrtar an Táille Coiste Garraí Scóir de €10 sa bhreis ar na táillí garraithe scóir atá sonraithe thuas. d'iarrthóirí nua
Foirmeacha Athnuachana nó Iarratais / Eolas
AL1 Foirm Iarratais Maidir le Geadán Talún 2017 (27582 P)
AL2 Iarratais maidir le Geadán Talún a Athnuachan (27582 R)AL2 Iarratais maidir le Geadán Talún a Athnuachan (27582 R)
Straitéis Garraithe Scóir Fhine Gall 2012

Le Teagmháil a Dhéanamh Linn
|
Suíomh Gréasáin: |
|
|
|
ríomhphost |
|
|
|
Teileafón |
|
01-8905596 |
|
Post |
|
Comhairle Contae Fhine Gall, Rannóg Oibríochtaí, (Garraithe Scóir), Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15. |
Naisc Úsáideacha
Baile an Phaoraigh
|
Suíomh Gréasáin: |
|
|
|
Facebook: |
|
Tá |
|
Twitter: |
|
@powerstownallot |
|
Mapa Láithreach: |
|
Tuirbhé
|
Suíomh Gréasáin: |
|
|
|
Facebook: |
|
Tá |
|
Twitter: |
|
@TurveyAllotment |
|
Mapa Láithreach: |
Mapa Garraithe Scóir Tuirbhé |
Baile Brigín
| Suíomh Gréasáin: | ||
| Facebook: | Tá | |
| Twitter: | Níl | |
| Mapa Láithreach: | Mapa Garraithe Scóir Baile Brigín |
Na Sceirí
| Suíomh Greasáin: | ||
| Facebook: | Tá | |
| Twitter: | @SkerriesAllots | |
| Mapa Láithreach: | Mapa Garraithe Scóir Na Sceirí |