Buiséad Bliantúil

Sa bhuiséad ioncaim, pléitear leis an gcaiteachas a bhíonn ann ó lá go lá le seirbhísí a chothabháil agus a chur ar fáil ar fud an chontae.

Buiséad Bliaintiúil 2017

Glacadh leis an mBuiséad 2017 ag na Comhaltaí Tofa ar 8 Samhain 2016.

Buiséad Bliantúil 2017Buiséad Bliantúil 2017

Foinsí maoinithe na Comhairle

Maoinítear Buiséad Ioncaim na Comhairle tríd na foinsí seo a leanas:

  • Rátaí tráchtála
  • Cáin Mhaoine Áitiúil
  • Deontais Rialtais
  • Uisce Éireann
  • Ranníocaíochtaí pinsin
  • Cíos/Aisíocaíochtaí iasachta
  • Ioncaim ó earraí agus ó sheirbhísí

Buiséad Ioncaim a Réiteach

Is é an Buiséad Ioncaim atá ag Comhairle Contae Fhine Gall do 2017 ná €216 milliún.  

Gach bliain bíonn dualgas dlíthiúil ar an gComhairle buiséad a réiteach agus a ghlacadh agus réamh-mheastacháin ioncaim is caiteachais don bhliain dár gcionn.   Réitíonn an Príomh-Fheidhmeannach na buiséid i gcomhairle leis an nGrúpa Beartais Chorparáidigh.  Ina dhiaidh sin féin, is é an ról atá ag do chuid Comhairleoirí áitiúla tofa ná an buiséad a ghlacadh, le leasuithe air nó gan leasuithe.   

Tá fráma ama reachtúil ann ar laistigh de a chaithfear an buiséad a ghlacadh.   Is í an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a chinneann é seo. Roinntear an buiséad ina 8 gcuid, mar a leanas: 

Roinn A  -  Tithíocht agus Tógáil
Roinn B  -  Iompar Bóthair agus Sábháilteacht 
Roinn C  -  Soláthar Uisce agus Séarachas 
Roinn D  -  Dreasachtaí Forbartha agus Rialuithe
Roinn E  -  Cosaint an Chomhshaoil
Roinn F  -  Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht
Roinn G  -  Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte agus Leas Sóisialach 
Roinn H  -  Seirbhísí Éagsúla

Déantar tuilleadh briseadh síos ar na Ranna seo ina seirbhísí agus fo-sheirbhísí, rud is féidir a fheiceáil i leabhar an bhuiséid.

 

Buiséad Bliantúil 2016

Buiséad Bliantúil 2015

Buiséad Bliantúil 2014
Buiséad Bliantúil 2013
Buiséad Bliantúil 2012
Buiséad Bliantúil 2011
Buiséad Bliantúil 2010
Buiséad Bliantúil 2009
Buiséad Bliantúil 2008