Fíricí agus Figiúirí Fhine Gall
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi do cheantar áitiúil i bhFine Gall?
Leabhrán Do Chomhairle - Do Chuid Seirbhísí
Is é is aidhm leis an leabhrán Bileog Do Chomhairle - Do Chuid Seirbhísí ná saoránaigh a chur ar an eolas faoin obair atá ar bun ag a gcomhairle áitiúil, cé as a dtagann maoiniú, agus céard air a gcaitear é. Is féidir leat an leabhrán a íoslódáil i mBéarla agus i nGaeilge thíos.
Do Chomhairle - Do Chuid Seirbhísí Béarla Your Council Your Services English
Do Chomhaile - Do Chuid Seirbhísí Gaeilge Your Council Your Services Irish
Féach ar an ngearrfhíseán beochana thíos ina bhfuil roinnt dár gcuid staitisticí tábhachtacha.
Sonraí Oscailte Fhine Gall
Chruthaíomar Sonraí Oscailte Fhine Gall chun cur ar chumas saoránaigh teacht ar shonraí a bhaineann le Fine Gall agus le heagraíochtaí eile san earnáil phoiblí. Bainimid leas as Mol Sonraí Fhine Gall chun an t-eolas agus na staitisticí a léiriú.
Tá teacht saor in aisce ar an eolas seo, de réir cheadúnas ginearálta an PSI. Maidir le sonraí foilsithe a úsáid, tá sé sin faoi réir reachtaíocht Cosaint Sonraí.
Is féidir leat súil a chaitheamh ar na tacair sonraí reatha trí chuairt a thabhairt ar Shonraí Oscailte Fhine Gall.
Láithreán Gréasáin: data.fingal.ie
Nó lean sinn ar:
Twitter @FingalOpenData
Mol Sonraí Fhine Gall
Ligeann Mol Sonraí Fhine Gall d'eagraíochtaí a bhfuil sonraí áisiúla acu sonraí riaracháin anaithnide agus staitisticí oifigiúla a roinnt agus a fhoilsiú. Féadfaidh baill den phobal an Mol a úsáid chun na sonraí seo a fheiceáil ar léarscáileanna agus a chur in oiriúint dá réimsí spéise féin.
lean sinn ar;
Twitter @Fingal_Data_Hub
