Saoráil Faisnéise
Tugadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014, isteach chun cabhrú leis an bpobal teacht ar fhaisnéis oifigiúil a bhaineann le taifid a cruthaíodh tar éis an 21 Deireadh Fómhair, 1998.
Tugann an tAcht ceart dlíthiúil duit:
- faisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí a fháil
- faisnéis oifigiúil a bhaineann leat féin a leasú sa chás go bhfuil sí neamhiomlán, neamhchruinn nó míthreorach
- faisnéis a fháil faoi chúiseanna atá le cinntí a imríonn tionchar orthu
Iarraidh a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
Caithfidh d'iarraidh a bheith i scríbhinn agus ní foláir duit a chur in iúl go beacht ann go bhfuil an fhaisnéis á lorg agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 2014. Freagrófar gach iarraidh taobh istigh de 3 lá oibre agus déanfar cinneadh fúithi taobh istigh de 4 seachtaine (20 lá oibre) mura n-iarraimidne síneadh ama de bharr an chineáil iarrata atá ann.
Táille
Níl aon bhuntáilleadh iarrata ann níos mó, ach ní mór na táillí seo a leanas a íoc mar seo a leanas:-
Is é an táille atá ar Athbhreithniú Inmheánach faoi Alt 21 anois ná €30.00 (€10.00 do lucht cártaí leighis agus dá gcleithiúnaithe).
Athbhreithniú Neamhspleách
Más rud é, tar éis athbhreithniú inmheánach, nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh, féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách a lorg. Is é an táille atá air sin ná €50.00 (€15.00 do lucht cártaí leighis agus dá gcleithiúnaithe), sa chás gur iarraidh neamhphearsanta atá ann. Is é an Coimisinéir Faisnéise a dhéanfadh a leithéid d'athbhreithniú agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis-sean ag an seoladh seo a leanas:
Sa Phost Oifig an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtair
Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: info@oic.ie
Teileafón: (01) 639 5689
Cuntas Nochta Faisnéis um Shaoráil Faisnéise, 2016
Is féidir leat liosta iarrataí a rinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ó Eanáir 2016 go dáta a fheiceáil inár Freedom of Information Disclosure Log 2016 .
Liostáiltear na cineálacha iarrataí a rinneadh agus cé a rinne iad, mar seo a leanas:
Gnó: Lucht Gnó/Grúpaí Leasmhara/Aturnaetha/Ceardchumainn/Cuntasóirí.
Iriseoir: Na Meáin/Iriseoirí
Oireachtais: Baill an Oireachtais/Ionadaithe Poiblí
Baill Foirne: Baill Foirne an Údaráis Áitiúil
Cliant: Faighteoir seirbhíse
Eile: Baill an phobail
Déan Teagmháil Linn
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
Halla an Chontae
Sord
Fine Gall
Co. Bhaile Átha Cliath
Teileafón: (01) 890 5162
Ríomhphost: foi@fingal.ie