Ceisteanna a Chuirtear go Minic

Tá liosta déanta againn de na ceisteanna is mó a chuirtear faoi vótáil agus an clár thíos, agus iad freagartha againn. 

Chomhlánaigh mé an fhoirm le clárú chun vóta a chaitheamh, mar sin cén fáth nach féidir liom teacht ar mo mhionsonraí ar Check the Register?

Tá roinnt fáthanna nach mbeifeá in ann teacht ar do mhionsonraí:

  • D'fhéadfadh litriú difriúil a bheith ag seoladh ar an bhfoirm ná mar atá ar Check the Register. e.g. Ballymain in áit Ballymaine. Is ceart duit a chinntiú gur roghnaigh tú an Baile Fearainn ceart nó an tSráid cheart ón Liosta Anuas.
  •  An bhfuil uimhir ar do theach? Má tá, cuir isteach an uimhir seo nuair a iarrtar amhlaidh ort.
  • Ar chuir tú isteach do chéadainm agus do shloinne IOMLÁN? Ar chuir tú isteach an chéadainm ceart? An ndearna tú iarratas a bheith cláraithe mar Joe nó Joseph? Marie nó Maria?
  • Seiceáil na spásanna i sloinnte a bhfuil O’, Mac agus Mc iontu, e.g. O’Kelly nó O Kelly? McCarthy nó Mc Carthy?
  • Éagsúlacht i litriú ainmneacha, e.g. Brown-Browne, Mahony-Mahoney, Linda-Lynda.
  • An ndearna tú iarracht teacht ar do mhionsonraí ach Eircode d'áras cónaithe a chur isteach?

Seans nach bhfuarthas d'Fhoirm Chlárúcháin san údarás áitiúil nó nár próiseáladh fós í. Má tá amhras ort, seiceáil le d'údarás áitiúil.

Céard é an Clár Beo?

Foilsítear an Clár Beo an 1 Feabhra gach bliain agus tagann i bhfeidhm an 15 Feabhra.  Baintear úsáid as ag gach toghchán agus ag gach reifreann a reáchtáiltear sa chéad 12 mhí eile. Ní chiallaíonn a bheith ar an gClár Beo go mbeidh duine i dteideal vóta a chaitheamh i nGACH toghchán. Lena sheiceáil cad iad na toghcháin is féidir leat vóta a chaitheamh iontu, seiceáil do Chineál Toghcháin ar scáileán do Shonraí Pearsanta. Tá cóipeanna priontáilte den Chlár Beo ar fáil le féachaint orthu in oifigí údaráis áitiúil, Oifigí Poist, stáisiúin an Gharda Síochána agus leabharlanna.

Céard é an Dréacht-Chlár?

Foilsítear an Dréacht-Chlár an 1ú Samhain gach bliain. Bíonn sé mar bhonn don chéad Chlár Beo eile. Sa chás go bhfuil iarratas déanta agat (Foirm RFA) chuig an údarás áitiúil chun tú a chur ar an gcéad chlár toghthóirí eile agus nach bhfuil tú ar an dréacht-chlár a foilsíodh an 1ú Samhain, nó sa chás go bhfuil tú ar an dréacht-chlár ach go bhfuil do shonraí mícheart, is ceart duit a éileamh go ndéanfar ceartúchán ach an Fhoirm Iarratais RFA1 a chomhlánú agus í a chur ar aghaidh chuig d'údarás áitiúil faoin 25ú Samhain. Tá cóipeanna clóite den Dréacht-Chlár ar fáil le féachaint orthu in oifigí údaráis áitiúil, Oifigí Poist, stáisiúin an Gharda Síochána agus leabharlanna.

Céard é Forlíonadh an Chláir?

Sa chás gur tháinig athrú ar d'imthosca ón uair dheiridh a foilsíodh an Clár Beo, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh d'ainm a chur ar Fhorlíonadh an Chláir. Cruthaítear Forlíonadh an Chláir i ndiaidh toghchán/reifreann a bheith fógartha. Tugann sin deis do dhaoine a d'fhéadfadh a bheith i dteideal a bheith curtha ar an gClár iarratas a dhéanamh ina leith sin suas le 14 lá roimh Lá na Vótála. Bheadh Forlíonadh an Chláir comhdhéanta de thoghthóirí a bheadh 18 mbliana d'aois faoi dháta an toghcháin/reifrinn nó de thoghthóirí a d'athraigh a seoladh ón uair dheiridh a foilsíodh an Clár Beo.  Ní mór do dhaoine nach bhfuil cláraithe chun vóta a chaitheamh an Fhoirm Iarratais RFA2 a chomhlánú. Ní mór do dhaoine atá ag déanamh iarratais ar athrú ar sheoladh iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais RFA3. Ní mór do dhaoine a ndearnadh saoránach Éireannach díobh agus atá cláraithe cheana féin iarratas a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais RFA5.

Céard a dhéanfaidh tú má sheiceálann tú an clár tar éis an 15 Feabhra i mbliain toghcháin agus má fhaigheann tú amach nach bhfuil tú ar an gclár?

Comhlánaigh an fhoirm RFA2, faigh stampa di sa stáisiún Gardaí is gaire duit agus seol ar ais í chuig an Rannóg Saincheadúnais, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co Átha Cliath. Cuimhnigh go bhfeicfear d'ainm i bhForlíonadh an Chláir lá na vótála.

Tuilleadh mionsonraí faoi Fhorlíonadh an Chláir

Mura ndearna tú iarratas in am le bheith san áireamh ar an Dréacht-Chlár, is féidir leat iarratas a dhéanamh aon am den bhliain le bheith san áireamh i bhForlíonadh an Chláir. Aistrítear go huathoibríoch tú ó Fhorlíonadh an Chláir go dtí an Clár Beo nuair a fhoilsítear an chéad Chlár Beo eile. Má tá tú ar Fhorlíonadh an Chláir, beidh tú ag vótáil ag Bord 1 san Áit atá ainmnithe chun Vótála. Déantar Cártaí Vótaíochta a bhaineann le Forlíonadh an Chláir a chur amach i ndiaidh na gCártaí a bhaineann leis an gClár Beo toisc go bhfuil an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomh gar sin do Lá na Vótála.

Céard é an Dáta is deireanaí ar féidir liom iarratas a dhéanamh m'ainm a chur leis an bhForlíonadh roimh Vótáil?


Is é an dáta deiridh atá i gceist ná 14 lá roimh Lá na Vótála, gan an Domhnach agus Laethanta Saoire Poiblí san áireamh. Má dhiúltaíonn an Chomhairle glacadh le d'iarratas le bheith san áireamh, is féidir leat an cinneadh sin a achomharc chun Cláraitheoir an Chontae.


Céard a dhéanfaidh mé má athraím mo sheoladh?


Comhlánaigh an fhoirm RFA2, faigh stampa di sa stáisiún Gardaí is gaire duit agus seol ar ais í chuig an Rannóg Saincheadúnais, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co Átha Cliath. Cuimhnigh go bhfeicfear d'ainm i bhForlíonadh an Chláir lá na vótála. Cuirfear ar an bPríomh-Chlár go huathoibríoch thú i leith na chéad bhliana eile.


Céard a dhéanfaidh mé má litrítear m'ainm mícheart nó má theastaíonn uaim sonra éigin eile a athrú?


Íoslódáil an fhoirm RFA2, faigh stampa di sa stáisiún Gardaí is gaire duit agus seol ar ais chuig Comhairle Contae Fhine Gall í.

Ní fheicim mo chuid sonraí ar www.checktheregister.ie?

D'fhéadfadh a lán cúiseanna a bheith leis seo.

Murar chuir tú isteach d'ainm agus do sheoladh díreach mar atá siad ar liosta an chláir, ní bhfaighidh tú do chuid sonraí. Mar shampla, dá gcuardófá 'An Phríomhshráid' agus gurbh é 'An Príomhbhóthar' a bhí i gceist, ní bhfaighfeá aon rud.
Seiceáil an féidir d'ainm a litriú ar bhealach eile, mar shampla, O’Donnell, ODonnell, O Donnell, or Claire, Clare etc. Mura bhfuil tú á litriú ar an mbealach ar cuireadh isteach ar an gcóras é, ní bhfaighidh tú do chuid taifead. Féachtar le d'ainm a litriú i gceart. Mura litrítear, cuir an méid sin in iúl dúinn agus is féidir linn é a leasú.
Tá tú ar Fhorlíonadh an Chláir, nach bhfuil ar fáil ar líne.
Tá tú ar an dréachtchlár. Déanann an Chomhairle nuashonrú ar Chlár na dToghthóirí gach bliain. Buaileann Cigire isteach i ngach teach agus fágann foirm RFA ann mura dtagann aon duine chuig an doras aige. Murar ghá do Gharda Síochána a bheith ina fhinné le haghaidh na foirme a líon tú isteach, is amhlaidh a chomhlánaigh tú iarratas atá le cur san áireamh i ndréachtchlár na chéad bhliana eile. Ní bheidh tú ar Chlár na dToghthóirí go dtí i ndiaidh an 15ú Feabhra den chéad bhliain eile.

An féidir liom Sonraí Vótála duine eile a leasú ar a shon? 

Ní cheadaítear é sin ach amháin sna cásanna seo a leanas:
Le linn don Dréacht-Chlár a bheith á ullmhú, nuair a chnagann Cigire ar dhoras do thí chun do chuid sonraí vótála a dheimhniú ar an maoin sin. Má fhaigheann tú amach go bhfuil na daoine a bhí ag cónaí i do theach féin romhat fós cláraithe chun vótáil, is féidir leat a chur in iúl don Chigire nach bhfuil cónaí ar na daoine sin sa teach sin níos mó.
Sa chás go bhfaigheann duine muinteartha bás, dearbhóidh an Chomhairle na mionsonraí go neamhspleách.
Sa chás go dtéann sláinte duine mhuinteartha in olcas chomh mór sin is nach bhfuil ar a chumas vótáil níos mó. Tá Fianaise Leighis i bhfoirm deimhniú ó Dhochtúir Pearsanta an duine sin ag teastáil.

Nílim ar an gClár níos mó ach níor iarr mé go mbainfí de mé. 

Déanann an Chomhairle nuashonrú ar Chlár na dToghthóirí gach bliain trí bhualadh isteach i ngach teach. Iarrann an Cigire ar an duine a thagann chuig an doras a dheimhniú go bhfuil na daoine atá liostaithe ar an gClár fós ina gcónaí ann. Sa chás go gcuirfí in iúl don Chigire nach raibh, bhainfí den Chlár thú. Tarlaíonn sé seo go mór mór nuair nach bhfuil daoine ina gcónaí lena dtuismitheoirí níos mó. Cuireann a dtuismitheoirí in iúl don Chigire go bhfuil an duine a bhaineann le hábhar bogtha amach as a dteach. Is é an chéad chás eile is minice a bheith i gceist ná duine ag bogadh go teach nua agus gan é féin a athchlárú. Bheadh sé curtha in iúl don Chomhairle ag na daoine atá ag cónaí sa teach ina mbíteása nach bhfuil tú ag maireachtáil ann níos mó.

Tá 18 mbliana slánaithe agam i mbliana. Cén fáth nach bhfuilim cláraithe chun vótáil?

Murar tháinig aon duine chun an dorais ag an gCigire agus murar sheol aon duine an fhoirm RFA ar ais, ní bheadh a fhios ag an gComhairle go bhfuil cónaí ort ina leithéid seo d'áit ná go bhfuil 18 mbliana slánaithe agat. Ní foláir do gach duine clárú chun vótáil é féin.

Tá seoladh baile nua agam ach níl nuashonrú déanta ar mo chuid taifead. Cén fáth? 

Fútsa atá sé do chuid taifead a thabhairt cothrom le dáta agus a chinntiú go bhfuil siad cruinn.

Ní bhfuair mé mo Chárta Vótála. An féidir liom vótáil mar sin féin?

Is féidir. An t-eolas a thugtar ar an gCárta Vótála ná cathain a vótálfaidh tú agus cén áit. Níl sé uait chun vótáil. Is féidir leat na sonraí a dheimhniú via www.checktheregister.ie, ar an gClár priontáilte sa Leabharlann nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Saincheadúnais i gComhairle Contae Fhine Gall ar 01-8905992 nó ar ríomhphost registerofelectors@fingalcoco.ie. Ní gá duit do Chárta Vótála a thaispeáint Lá na Vótála. Is gá duit fianaise ar do chéannacht a thaispeáint, cibé acu Cárta Vótála a bheith agat nó a mhalairt.

Is Saoránach Éireannach mé atá i mo chónaí i dtír eile. Conas is féidir liom vótáil?

D'fhonn a bheith incháilithe le bheith cláraithe chun vótáil, caithfidh tú a bheith i do chónaí in Éirinn ar an 25ú Meán Fómhair gach bliain. Mura mbíonn cónaí ort in Éirinn de ghnáth, níor cheart duit a bheith cáilithe chun vótáil beag ná mór. Níl aon chóras do Shaoránaigh na tíre seo atá ina gcónaí ar an gcoigríoch le bheith ar Chlár na dToghthóirí chun vótáil. Is é an t-aon eisceacht atá ann ná baill an Airm, an Gharda Síochána nó na seirbhíse taidhleoireachta. Caithfidh na daoine sin iarratas a dhéanamh ar vóta poist. Ní dhámhtar dóibh é go huathoibríoch.

Beidh mé ag taisteal in Éirinn Lá na Vótála. An féidir liom vótáil?

Má tá a fhios agat roimh ré go mbeidh tú as baile ar Lá na Vótála, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Vóta Poist i bhfad roimh ré. Ba cheart go ndéarfaí i d'iarratas cén fáth a dteastaíonn an Vóta Poist uait. Féadfar vótaí a dhámhachtain do dhaoine atá ag obair as baile nó i mbun staidéir san ollscoil.

Conas is féidir liom post a fháil ag obair i Stáisiún Vótála nó ag comhaireamh na bpáipéar ballóide?

Earcaíonn Ceann Comhairimh an Chontae gach ball foirne chun oibriú ar Lá na Vótála agus an Comhaireamh a dhéanamh. Is féidir iarratais a sheoladh chuig info@dublincountyreturningofficer.com. Níl aon bhaint ag Comhairle Contae Fhine Gall le hobair a chur ar fáil a bhaineann le Stáisiún Vótála nó le Comhaireamh vótaí.

Is dóigh liom go bhfuil an seoladh ar mo Chárta Vótála mícheart. Céard a dhéanfaidh mé leis an scéal a chur ina cheart? 

Is é is cuspóir le Clár na dToghthóirí liosta daoine atá incháilithe chun vótáil a choinneáil. Tá formhór na dtoghthóirí ag cónaí in eastáit agus tá an seoladh céanna acu i.e. uimhir tí, ainm bóthair, ainm ceantair. Is trí na prótacail ainmnithe agus uimhrithe taobh istigh den Rannóg Pleanála a chuirtear na seoltaí isteach. An Cárta Vótála a fháil nó gan é a fháil ag do theach tástáil chruinneas an chórais. Ní athrófar an Clár sa chás gurbh fhearr le duine a bheith i bPort Mearnóg seachas i mBaile Dúill, nó i gCill Fhionntain seachas i mBinn Éadair. Más é Cill Fhionntain do sheoladh agus go liostaítear é mar Bhinn Éadair trí thimpiste, athrófar na taifid. 
I gceantar tuaithe, socraítear an Clár de réir Ainmneacha na mBailte Fearainn. Déantar géarmhonatóireacht ar ainmneacha bailte fearainn chun nach mbeidh comharsana i mbailte fearainn difriúla ar an liosta. Cé go mbíonn comharsana i mBailte Fearainn difriúla áit éigin ar an mapa agus gur de réir an chirt é, ní theastaíonn ón gComhairle go mbeadh cás ann go gclárófaí daoine sa Bhaile Fearainn mícheart toisc go mbíonn botúin ann dá bharr, ar nós iontrálacha a chur isteach faoi dhó nó sonraí an duine mhícheart a scriosadh.
Más dóigh leat go bhfuil a oiread míchruinnis ag roinnt le do sheoladh is nach bhfaighidh tú do Chárta Vótála, déan teagmháil leis an gComhairle ag registerofelectors@fingal.ie nó glaoigh ar (01) 8905000.

Fuair mé litir ag rá gur scriosadh mo shonraí den chlár ach gur féidir liom achomharc a dhéanamh chun Cláraitheoir an Chontae.

Bíonn leasuithe le déanamh ar an gClár gach bliain mar chuid den Phróiseas Dréacht-Chláir. Foilsítear an Dréacht-Chlár i mí na Samhna gach bliain. Má dhéanann an Chomhairle leasú ar do thaifead tar éis fhoilsiú an Dréachta, scríobhtar chugat chun an méid sin a chur in iúl duit agus deis a thabhairt duit ráiteas a dhéanamh faoin gcinneadh agus achomharc a dhéanamh ina thaobh.

An é an 25ú Samhain an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh mé féin a chur ar an gclár?

Ní hé. Sin é an dáta is deireanaí le haghaidh leasuithe a dhéanamh ar an dréacht-Chlár don bhliain dár gcionn.