Féile na Tine

Dé Máirt an 31 Deireadh Fómhair – Caisleán agus Páirc Bhaile Shoird

Cailleacha colacha, gúil ghránna agus greimlíní uafásacha, beidh siad go léir le feiceáil le linn Fhéile Tine Fhine Gall, ar ócáid saor in aisce a bheidh ar siúl Oíche Shamhnaí. Beidh ceol beo ó The Great Escape ó 5.30pm ar aghaidh ar an príomhardán i bPáirc Bhaile Shoird. Beidh mórthaispeántas tinte ealaíne ann ag 7pm – ní fhéadfaí Oíche Shamhna a cheiliúradh gan iad. Mar sin, bí linn ag an ócáid SAOR IN AISCE seo don teaghlach i bPáirc Bhaile Shoird ó 5 p.m.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoinár gcuid imeachtaí, tabhair cuairt ar www.fingal.ie/events, cuir in iúl gur MAITH LEAT sinn ar www.facebook.com/EventsinFingal nó LEAN sinn ar Twitter ag @EVENTSinfingal agus ag @fingalcoco

Ticéid / Cead Isteach

Is ócáid saor in aisce don teaghlach í seo.

Ag Taisteal Chuige

Is féidir teacht go Sord le gluaisteán ar Bhóthar M1/N1 (Baile Átha Cliath-Béal Feirste). Fág an bealach ag gabhal 3 agus lean na comharthaí bóthair go Sord.

Busanna: Swords Express, 41, 41b, 41c, 33, 102 http://www.dublinbus.ie/

Páirceáil

Beidh páirceáil ar fáil sa charrchlós ag Bóthar Bhaile na Mara agus in Ionad Siopadóireachta Lár Shoird/Pavillions: http://www.pavilions.ie/your-visit/parking-info

Inrochtaineacht

Déan teagmháil díreach linn le do thoil ar events@fingal.ie más mian leat riachtanais ar leith rochtana a phlé linn.