Foghlaim Aosach
Cuirimid réimse ceardlanna foghlama d’aosaigh ar fáil in Fhine Gall
Caisleán Bhrí Mhór –Tionscnamh Oiliúna Áitiúil
Caisleán Bhrí Mhór- (LTI) Bileog Eolais Spreagtha
Foghlaim Ar Líne
Táimid ag tairiscint na céadta cúrsaí foghlama ar líne ar réimse leathan ábhar, lena n-áirítear teangacha, trínár seirbhís leabharlainne. Díreach glac ballraíocht sa leabharlann agus déan na Cúrsaí Foghlama Ar Líne a sheiceáil.
Cartlanna & Staidéir Áitiúla
Tá Cartlann Chontae Fhine Gall ina stór le haghaidh grianghraif agus doiciméid, bailiúcháin phríobháideacha agus bailiúcháin atá deonta, a chuimsíonn amharcíomhánna agus stair liteartha Fhine Gall agus cheantar Bhaile Átha Cliath, tríd na blianta.
Déan Teagmháil Linn
Teileafón: (01) 870 4496
Ríomhphost: archives@fingalcoco.ie
Clár Oideachais do Thionóntaí
Déanaimid cúrsaí ionduchtúcháin do thionóntaí nua a reáchtáil. Insíonn an cúrsa seo duit na freagrachtaí atá ort mar thionónta agus tugann sé eolas tábhachtach duit faoi do theach nua agus faoin bpobal ina bhfuil tú.
Déan Teagmháil Linn
Teileafón: (01) 890 5588
Cúrsa Scileanna Éigeandála Spóirt
Do dhaoine a bhíonn ag obair le clubanna, is bunchúrsa oiliúna é a thugann na scileanna duit chun déileáil le gortuithe d’imreoirí. Tabharfar an deis do dhaoine a chríochnaíonn an cúrsa 4 uair a chloig Fearas Scileanna Éigeandála a cheannach ar chostas íslithe €35
Táille an chúrsa: €20
Déan Teagmháil Linn
Pauline Gilsenan
Teileafón (01) 890 6256
Ríomhphost: pauline.gilsenan@fingalcoco.ie
----------------
Oiliúint Scileanna do Choiste Spóirt
Cur chuige iomlánaíoch chun coiste spóirt faoi oibrithe deonacha a eagrú agus a rith agus díríonn sé ar thrí phríomhréimse – róil bhaill an choiste, eagrú cruinnithe agus plean forbartha a chruthú don chumann. Ta an cúrsa seo ann do dhaoine a bhíonn ag obair le cumainn.
Táille an chúrsa: Saor in aisce
Déan Teagmháil Linn
Pauline Gilsenan
Teileafón (01) 890 6256
Ríomhphost: pauline.gilsenan@fingalcoco.ie
Cód Eitice
Cuireann sé cóitseálaithe agus ceannairí óige ar an eolas faoi dhea-chleachtas agus iad ag déileáil le páistí agus cuidíonn sé le timpeallacht páiste-lárnach a chur chun cinn
Táille an Chúrsa: €20
Déan Teagmháil Linn
Pauline Gilsenan
Teileafón (01) 890 6256
Ríomhphost: pauline.gilsenan@fingalcoco.ie