Baile an Ridire

Lena fhréamhacha sa tírdhreach réamhstairiúil, bhí Baile an Ridire riamh ina phointe fócais don lonnaíocht. De réir an traidisiúin tháinig ainm Béarla Balrothery, nó Balruddery nó Baliorodery mar a tugadh air freisin, ón nGaeilge Baile an Ridire. Ach maíodh le déanaí gur mó an seans gur tháinig an t-ainm ó ainm duine darbh ainm Rytherid, mac leis na húinéirí talún sa 12ú haois.

Seandálaíocht agus Stair

400 x 194

Thug an carn in Inis agus an gallán le fios go raibh daoine i láthair i mBaile an Ridire i rith na Cré-umhaoise (2400-500RC). Ach le linn tochailtí le Ken Wiggins roimh fhorbairt eastáit tithíochta Pháirceanna Bhaile an Ridire agus an Rátha, d’aimsigh sé tírdhreach adhlactha lena n-áirítear díoga fáinneacha agus reiligí créamtha ó lár go deireadh na Cré-umhaoise. 

Baile an Ridire ag tús na meánaoise

Trasna an bhóthair i bPáirc na Rós rinne Judith Carroll tochailtí suntasacha a léirigh gur cosnaíodh barr an chnoic le daingniú díge i rith na hIarannaoise agus go raibh sé ina lonnaíocht thábhachtach, go dtí gur stopadh á úsáid sa 9ú haois AD.

300 x 325

I rith na tréimhse seo, ba shochaí ordlathach agus dírithe ar dhaoine muinteartha a bhí in Éirinn. Bhí Baile an Ridire ina cuid de Mhagh Breagh, dúiche a chuimsigh an chuid is mó den Mhí, de dheisceart Lú agus de thuaisceart Bhaile Átha Cliath, ach ag leibhéal áitiúil a rialaigh grúpaí dúchais agus cogaíochta cosúil leis an Saithne. Is cosúil go raibh na cónaitheoirí ag tréadaíocht ba agus caorach agus ag feirmeoireacht barr cosúil le heorna. Tá go leor de na hiarsmaí luath-mheánaoiseacha seo caomhnaithe i spás oscailte Pháirc na Rós.

Uaimheanna Talún

400 x 272

Tochlaíodh seacht n-uaimh thalún – seomra agus pasáistí faoi thalamh – i bPáirc na Rós. Sular tochlaíodh iad, ní raibh ach ceithre cinn ar eolas i gContae Bhaile Átha Cliath ar fad. Is dóchúil go raibh roinnt feidhmeanna ag na huaimheanna talún lena n-áirítear stóráil earraí. Mar gheall ar a méid agus go bhfuil gaothairí aeir i roinnt de na huaimheanna talún, moltar gur úsáid daoine na huaimheanna i bPáirc na Rós, ach ní fios ar úsáideadh iad i gcomhair sclábhaithe, gialla nó chun baill den phobal a cheilt le linn ruathair.

Lochlannaigh

Mheallfadh suíomh saibhir, dea-bhunaithe cosúil le Páirc na Rós ruathair ó ghrúpaí teaghlaigh freasúracha mar aon le grúpaí níos faide ó bhaile. Cé nach bhfuarthas aon fhianaise dhíreach go dtí seo, go stairiúil taifeadadh go bhfuair Ragnailt, iníon Olaf, Rí Lochlannach Bhaile Átha Cliath tailte Bhaile an Ridire le hoidhreacht mar bhronntanas pósta a thug le fios go raibh smacht ag na Lochlannaigh ar Bhaile an Ridire, agus b’fhéidir go bhfuil an líon mór uaimheanna talún ann mar gheall ar na ruathair.

Baile an Ridire sa Mheánaois

Tugadh Baile an Ridire do chomhghuaillí Angla-Normannach Strongbow, Rober de Rosel timpeall 1171  ‘áit ar thóg sé an baile agus an caisleán’. Bhí a mhac Patrick mar mhinistir sa séipéal i mBaile an Ridire agus tar éis a bháis thug Geoffrey de Costedin tailte i mBaile an Ridire do Mhainistir Thriostarnaí, Cill Bhiscí, Co. na hIarmhí idir 1191 agus 1212. Leagadh an séipéal meánaoiseach go talamh ag tús na naoú haois déag. Rinne Austin Cooper cur síos air san aois roimhe sin mar ‘an old Church of extraordinary construction..much mutilated..it formerly consisted of a range of arched recesses...’. Maireann an túr cónaitheach thiar agus cuireadh i gcomparáid é leis an túr i Lusca. Cuireadh dáta sa chúigiú haois déag ar an dá thúr.

400 x 300 

Tá grúpa suntasach de leaca inscríofa ón ochtú haois déag sa reilig mar aon le cloch mhuilinn athúsáidte. Léirigh tochailtí tástála a rinne Donald Murphy ó dheas den séipéal i 1999 gur shín na hadhlacthaí níos faide ná teorainneacha reatha na reilige. Tá túrtheach trí stór suite ar thalamh phríobháideach ó dheas den séipéal agus den reilig.

Baile an Ridire tar éis na Meánaoise

Suite ar sheanbhóthar an Chóiste, a cheaptar a bheith ina chuid de Shlí Mhídhuachra, ceann de na cúig bhóthar ársa a tháinig as Teamhrach, bhíodh go leor gníomhaíochta i mBaile an Ridire. Áiríodh dhá dhrioglann, monarcha brioscaí, teanús, monarcha déanta cathaoireacha  agus snoíodóireachta mar aon le tionscal teachín leis na tionscail a bhí ann. Thig Austin Cooper cuairt ar an mbaile i Meitheamh 1783 agus rinne sé cur síos air mar ‘a small village about 14 miles from Dublin on the Great North road which circumstance is the only thing that preserves it. It has always reckoned famous for one extra-ordinary perfection-making cakes’. Ní raibh Cooper mícheart. Nuair a atreoraíodh an bóthar paidhce agus ina dhiaidh sin na cóistí postais chuig Baile Brigín, tháinig meath ar thábhacht Bhaile an Ridire.

Béaloideas

Is minic go mbíonn cuid den fhírinne i scéalta go háirithe nuair a bhíonn ceangal acu le logainmneacha – fuarthas cnámharlaigh ársa i bpáirceanna ar ar tugadh Páirc na gCnámh agus lonnaíochtaí atá dearmadta le fada an lá i Seanbhailte. Tá traidisiún ann gur fhan Séamas II i dteach ósta White Hart i mBaile an Ridire ar a bhealach chuig Cath na Bóinne.

An raibh a fhios agat?

Go raibh tóir ag cónaitheoirí na luath-meánaoise i bPáirc na Rós ar an ól? Léiríodh i bhfianaise seandálaíochta go raibh eorna á brachadh acu chun beoir a ghrúdú agus go raibh fíon á iompórtáil acu ó iarthar na Fraince.

An raibh a fhios agat?

De réir dhaonáireamh 1659, go raibh 68 chónaitheoir i mBaile an Ridire i gcomparáid le 30 i mBaile Brigín agus 56 sna Sceirí?

An raibh a fhios agat?

Gur úsáideadh na potaí ón gCré-umhaois ina raibh tairsí créamtha a tochlaíodh i mBaile an Dairsígh i gcomhair cócaireachta roimhe sin?

An raibh a fhios agat?

Go síneann adhlacthaí i Séipéal Pheadair níos faide ná balla na reilige? Thug tochailtí díog mhór agus adhlacthaí atá níos sine ná an séipéal agus an reilig mheánaoiseach le fios.

Foghlaim níos mó

Leabharlann Léann Áitiúil Fhine Gall, Teach Chluain Meala, Bealach Forster, Sord. localstudies@fingal.ie

Leabharlann Bhaile Brigín, Cearnóg Sheoirse, Baile Brigín balbrigganlibrary@fingal.ie

Baker, C. 2010, Antiquities of old Fingal; the archaeology of north County Dublin. Wordwell. Baile Átha Cliath.

Carroll, J. 2008, Archaeological Excavations at Rosepark, Balrothery, Co. Dublin. Balrothery excavations Vol. 1

Carroll, J., Ryan, F & Wiggins, K. 2008, Archaeological Excavations at Glebe South and Darcystown, Balrothery, Co. Dublin. Balrothery excavations Vol. 2