Baile Átha Cliath 15

Ó Bhaile Bhlainséir go dtí an Chorr Dhubh, ó Chluain Saileach go Cill Mhártain agus ó Mhullach Eadrad go Páirc San Caitríona, tá athruithe móra tarlaithe sa chúinne thiar theas seo d’Fhine Gall síos tríd na blianta ó pháirceanna agus dúnfoirt go tionsclú agus tírdhreach nua fo-uirbeach.

Seandálaíocht agus Stair

Tá taifead ar bheagnach 90 séadchomhartha seandálaíochta i mBaile Átha Cliath 15. Ní féidir roinnt acu a fheiceáil go héasca ar an talamh ach tugann go leor dumhaí atá cumhdaithe ag crainn, stumpaí foirgneamh, ballaí eaglaisí agus caisleán leideanna dúinn maidir le scéalta na ndaoine a mhair, a d’oibrigh agus a fuair bás anseo síos tríd na blianta.

Nocht tochailtí seandálaíochta agus fionnachtana anonn is anall lorg de dhaoine a bhí ina gcónaí sa cheantar seo ón gCré-umhaois ach is i dtréimhse na Críostaíochta a thosaigh daoine ag fágáil lorg atá fós le feiceáil againn inniu. Ón gcúigiú go dtí an t-aonú haois déag (an luath-thréimhse mheánaoiseach), bhí cónaí ar roinnt daoine in imfháluithe ciorclacha ina raibh díog agus bruach, ar a dtugtar rath nó lios, cosúil leo sin ag Ceapach, sa Chorr Dhubh, i Steach Gob, sa Bhaile Cora, i mBuaile an Gheimhridh agus i mBaile an Phóirtéaraigh. B’in iad gnáth-áitribh feirme na tréimhse.

Léarscáil 300x211 Dhúnfort na Coirre Duibhe  Léarscáil Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann: Léarscáil 1837, an 1ú hEagrán (Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann © faoi cheadúnas 2012-24-CCMAI-FCC). Tá trí dhúnfort marcáilte sa Chorr Dhubh as féin. 
Léarscáil Nua-aimseartha 300x163 de Dhúnfort na Coirre Duibhe  Tá na trí dhúnfort chéanna sa Chorr Dhubh beagnach 180 bliain ina dhiaidh sin; ceann faoi eastát tithíochta, is féidir ceann eile a fheiceáil i bpáirc na Coirre Duibhe agus tá an ceann is faide ó thuaidh i spás oscailte eastát Bhaile an Bhairínigh . 

Tugtar léiriú freisin ar na heaglaisí is luaithe. Ag scríobh dó sa seachtú haois thug an tEaspag Tírechán liosta de na heaglaisí a bhunaigh Naomh Pádraig, ba é Cul Mine an chéad cheann, a haistríodh go Cúil Mhín gar do Chluain Saileach. Ceapadh riamh gurb é seo láithreán Teampall Bán Naomh Machutus. Bhí sé i seilbh Mainistir Mhuire ach bhí sé imithe in éag faoin mbliain 1429. Tugadh a chuid iarsmaí faoi deara i bPáirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir le linn suirbhéireacht gheoifisiceach a rinne John Nicholls le déanaí. I measc samplaí eile d’eaglaisí na meánaoise a bhféadfadh a mbunús a bheith sa luath-thréimhse mheánaoiseach tá Baile an Aba, Baile an Bhosardaigh, agus Cluain Saileach.

Láthair an Teampaill Bháin, Cúil Mhín 300x225  Láthair an Teampaill Bháin, Cúil Mhín 
Caisleán Cnucha 300x400 I bhfoisceacht 400m den mhóta agus den chaisleán ag Caisleán Cnucha thángthas ar áith chriadóireachta mheánaoiseach ón 13/14ú haois le linn tochailte. Ba liacha, shoithí cócaireachta pipkin agus chrúscaí a bhí i gcuid mhaith den ábhar.

D’fhág teaghlaigh Angla-Normannacha Blanchard, Tyrell, Deuswell agus Keppock a n-oidhreacht ní amháin in ainmneacha na mbailte fearainn (Baile Bhlainséir, Baile an Tirialaigh, Baile an Diosualaigh agus Ceapach) ach i dtírdhreach fisiceach an cheantair. Bronnadh mainéar Chaisleán Cnucha ar Hugh Tyrell in 1177 agus áiríodh leis Caisleán Cnucha, Cluain Saileach agus Mullach Eadrad. Is ag Caisleán Cnucha atá ceann de na mótaí agus bábhúin is mó atá fós ann, agus daingin ilsleasacha cloch orthu. In ainneoin na ndaingnithe d’éirigh le Edward Bruce an caisleán a thógáil agus choinnigh sé an barún agus a theaghlach ar fuascailt i 1317. Chonaic an file William Wordsworth an caisleán in 1829 agus cheap sé go raibh ‘cluasán agus fiántas a bhí fíorshuntasach gar do bhaile mór ann’Tá taifead ar mhótaí freisin i gCill Sheáin, sa Bhaile Nua, agus i nDún Sochlaigh.

Leac uaighe i Reilig Chluain Saileach 300x225 Leac uaighe a cuireadh in airde do Frances Lady Newcomen as Cill Fhionntain a fuair bás i 1687, reilig Chluain Saileach 

Bhí cráifeacht don eaglais agus tiomantas d’fhorbairt paróistí lárnach do dheonú na talún. Bronnadh go leor talún ar an eaglais cosúil leis an talamh i nDún Sinche a tugadh do chlochar Lios Muilinn, agus bronnadh tailte i gCúil Mhín, i gCluain Saileach agus i mBaile Bhlainséir ar Phrióireacht Little Malvern, Sasana. Thug fir agus mná a bhí ag iarraidh a n-anam a shábháil dearlacadh nó tacaíocht airgeadais d’eaglaisí agus mar sin tá eaglaisí na meánaoise i measc na séadchomharthaí is fairsinge atá fós ann ón tréimhse.

eaglais agus reilig mhullach eadrad 300x225

Eaglais agus Reilig Mhullach Eadrad

Tiomnaíodh an eaglais mheánaoiseach don Mhaighdean Mhuire go luath sa 15ú haois. I 1532 bhronn Anraí VIII ceadúnas chun bráithreachas nó gild a bhunú ar an láithreán.

 

Ba thréimhse shuaite an 17ú haois in iardheisceart Fhine Gall. Taifeadtar gur ghabh airm a bhí ag troid paróiste Mhullach Eadrad idir 1641 agus 1649 agus gur scrios siad an áit. Rinne Diúic Ormond a cheathrúna san eaglais i Mullach Eadrad agus rinne Eoin Rua Ó Néill mórshiúl tríd an bparóiste. Taispeántar i dtaifid go raibh 36 dhuine ag cur fúthu i mBaile an Huntaigh ag an am; 29 i mBaile an Bhlainséir agus 45 i mBaile an Diosualaigh. Tháinig borradh ar thithe móra sa cheantar sa 18ú haois de réir mar a thóg teaghlaigh tithe arís nó mar a tháinig teaghlaigh nua chuig an áit. Ach níor éirigh leo i gcónaí – i 1761 thit balla binne Theach Bhaile an Bhosardaigh agus maraíodh máthair agus iníon an tí. Tá go leor tithe cosúil le Teach na Coirre Duibhe, ina raibh teaghlach Warren le breis is 200 bliain, nach bhfuil ann níos mó. Tá cinn eile cosúil le Baile an Aba, iar-áit chónaithe an Tiarna Holmpatrick agus Teach Bhaile Lotrail fós ann ach ní féidir teacht air.

Léarscáil Rocque 300 Taispeántar léarscáil Rocque ó 1760 – na tithe móra agus a gcuid gairdíní in éineacht leis an eaglais, páirceanna agus cairéil agus foraoisí 

Ba é Henry Luttrell a thóg Devil’s Mills sular dúnmharaíodh é i 1717, cé go léiríonn an léaráid le Jonathon Fisher i 1761 go mb’fhéidir gur forbairt níos déanaí ná sin a bhí i gceist. Bhí muilinn freisin i mBaile an Bhlainséir agus i gCaisleán an Cnucha. Ba thionscadal bonneagair eile a bhí sa Chanáil Ríoga. Tugadh Canáil na hAbhann nó Canáil an Ghréasaí air ag tagairt don Uasal Binns, gréasaí a bhí ar scor agus ball de Bhord na Canálach Móire. Bhí easaontas idir é féin agus baill eile den bhord agus bhunaigh siad comhlacht canála le dul in iomaíoch leo. Cuireadh tús leis na hoibreacha i 1790 ach cuireadh moill mhór orthu mar gheall ar phíosa domhain dhá mhíle ar fad a bhí faoi uisce idir Baile an Bhlainséir agus Cluain Saileach. D’fhág an mhoill sin an comhlacht féimhithe a bheag nó a mhór agus díoladh é sa deireadh le Midland Great Western Railway chun iarnród a thógáil taobh leis. Ba le linn dó a bheith ag siúl feadh na canála ar tháinig William Rowan Hamilton (1805-65) ar theoiric na gceathairníon, coincheap réabhlóideach matamaitice a shnoigh sé isteach san obair chloiche ar Dhroichead Broome. Ba é Hamilton stiúrthóir na faireachlainne i nDún Sinche in aice láimhe. Tógadh faireachlann Dhún Sinche i 1785 ar shuíomh a roghnaíodh mar gheall ar chomh hard is a bhí sé agus chomh fada is a bhí sé ó thoitcheo Bhaile Átha Cliath, agus is é an tUrramach Henry Ussher a dhear na huirlisí agus an leagan amach.

Reilig Bhaile an Aba 300x225

Reilig Bhaile an Aba 

Tá ceangal ag an láithreán le Naomh Caoemhín, agus d’fhéadfadh a bhunús a bheith go luath sa mheánaois. Tá iarsmaí eaglaise, reilig agus tobar beannaithe ar an láithreán. Dhún an tiarna talún tobar Caveen. Tugann na clocha cinn le fios gur adhlacadh go leor de cheannaithe Bhaile Átha Cliath anseo sa 18ú haois. Ó tógadh an M50 ní féidir leis an bpobal dul isteach sa reilig níos mó. 

Béaloideas

Is minic go mbíonn cuid den fhírinne i scéalta go háirithe nuair a bhíonn ceangal acu le logainmneacha – fuarthas cnámharlaigh ársa i bpáirceanna ar ar tugadh Páirc na gCnámh agus lonnaíochtaí atá dearmadta le fada an lá i Seanbhailte. Sna hannála tugadh Cnucha ar Chaisleán Cnucha agus tá baint aige le Conn na gcéad Chath agus bhíodh sé mar shuíochán ag na ríthe. De réir an bhéaloidis nuair a bhí sagart ag léamh an Aifrinn i gClochrán chonaic sé duine ag goid capaill agus searraigh. Dúirt an sagart ‘God amend thee’ faoina anáil leis an robálaí, rud a dúradh a cheangail é le baile fearainn Goddamendy in aice láimhe. Tá baint ag finscéalta freisin leis na luath-eaglaisí agus lena mbunaitheoirí. Liostáladh Cul Mine (Cúil Mhín anois) mar an chéad eaglais a bhunaigh Naomh Pádraig laistigh de Mhagh Breagh agus de réir an tseanchais thóg Naomh Mochta, a bhain le Cluain Saileach, gadaí báite ó na mairbh. 

An raibh a fhios agat?

Gur cuireadh adhmad as Caisleán Cnucha ar fáil chun corp Theampaill Chríost a atógáil i 1564?

Rud nach gcreidfeadh cuid mhaith ach glanadh formhór d’fhoraoisí nádúrtha na hÉireann roimh 1600, agus tharla go leor den ghlanadh sin sna dtréimhsí réamhstaire. Bhí coillte agus roschoillte scaipthe ann sna meánaoiseanna. Mar sin féin bhí formhór de Bhaile Bhlainséir an lae inniu cumhdaithe i gcoillearnach ar a tugadh Great Scaldwood. 

An raibh a fhios agat?

Go raibh an mac tíre i mBaile Bhlainséir go dtí 1652?

Eagraíodh dealú mac tíre sa Great Scaldwood i 1652. Gur chuir ropairí agus robálaithe le contúirtí an cheantair. B’óstóireacht é The Red Lyon, gar do Dhúbóthar ina bhféadfadh an lucht taistil a raibh ‘faitíos orthu roimh chontúirtí na gcoillte míchlúiteacha tar éis thitim na hoíche’ stopadh.

An raibh a fhios agat?

Go raibh grúdlann i gCluain Saileach ón 17ú haois?

Is i gCluain Saileach a bhí ceann de dheich dteach braiche Bhaile Átha Cliath sna 1640idí. Rinneadh braich d’eorna agus de ghránacha eile i gcomhair grúdú. Sna meánaoiseanna ba iad na mná is mó a bhíodh ag déanamh braiche agus grúdú.

An raibh a fhios agat?

Gur thug an Bhanríon Victoria cuairt ar Chaisleán Bhaile Lotrail faoi dhó in 1849 agus arís i 1900?

Rinneadh comóradh ar an gcuairt a thug sí i 1900 trí oibilisc a chur in airde san áit sa Ghleann a raibh tae aici agus níos magúla i línte an amhráin aitheanta ‘‘The Queen she came to call on us, She wanted to see all of us, Good job she didn’t fall on us, She’s eighteen stone’.

Foghlaim níos mó

Bailiúchán Staire Áitiúla: Leabharlann Bhaile Bhlainséir, An tIonad Cathartha, Ionad Bhaile Bhlainséir, Ríomhphost blanchref@fingal.ie 

Baker, C. 2010, Antiquities of old Fingal; the archaeology of north County Dublin. Wordwell. Baile Átha Cliath. 

Ball F.E. 1995 (atáirgeadh ó liteagraif ó 1906), A History of the County Dublin: The people, parishes and antiquities from the earliest times to the close of the eighteenth century. Part Fourth. The HSP Library, Baile Átha Cliath.

Lacey, J. 1999, A Candle in the Window; a history of the Barony of Castleknock. Marino Books, Baile Átha Cliath.

Murphy, M. & Potterton, M. 2010, The Dublin Region in the Middle Ages; settlement, land-use and economy. Discovery Programme Monograph, Wordwell, Baile Átha Cliath.