Oidhreacht Ar Líne agus Foilseacháin
Choimisiúnaigh Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall go leor staidéir oidhreachta atá ar fáil le híoslódáil anois. Tá cuid mhaith foilseachán ar fáil freisin sna leabharlanna áitiúla nó saor in aisce ón Oifig Oidhreachta. Tá naisc áisiúla chuig acmhainní agus institiúidí oidhreachta thíos.
Acmhainn Seandálaíochta Fhine Gall á Mheas
Sa staidéar seo a rinneadh in 2010 déantar iniúchadh ar na séadchomharthaí seandálaíochta a bhfuil eolas orthu agus ar na tochailtí seandálaíochta thar thréimhse forbartha forleithne ó 1999 go 2009.
Assessing Fingal’s Archaeological Resource
Foinsí Stairiúla Fhine Gall a Aimsiú – Treoir maidir le Foinsí Oidhreachta Tógtha le haghaidh Fhine Gall
Tugann an treoir seo eolas faoi na príomhfhoinsí stairiúla le haghaidh Fhine Gall, agus tá liosta ann de leabharlanna agus de stórtha inar féidir teacht ar leabhair agus ar léaráidí don chontae.
Staidéar Ailtireachta ar Chósta Fhine Gall
Anailís ar an oidhreacht thógtha feadh chósta fairsing Fhine Gall lena n-áirítear céanna, cuanta, ballaí mara agus tithe bád
Fingal Coastal Architecture Study
Suirbhé ar Oidhreacht Thionsclaíoch Fhine Gall
Is minic nach mbreathnaítear i gceart ar an oidhreacht thionsclaíoch nó meastar gur rud ‘nua-aimseartha’ í. Mar sin féin tá sí tábhachtach ó thaobh an scéal a bhaineann lenár bhforbairt gheilleagrach le céad bliain nó mar sin a insint. Sa staidéar seo, sainaithníodh 1159 láithreán a bhaineann le cairéalacht, le hiompar, le teicstílí agus le canálacha.
Fingal Industrial Heritage Survey
Tionscadail Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil
Ag baint leasa as foinsí stairiúla, as mapáil agus as GIS tá na sraitheanna úsáide talún thar imeacht aimsire tiomsaithe i bpictiúr iomlán den tírdhreach ársa agus nua-aimseartha. Is rud áisiúil é seo le haghaidh pleanáil straitéiseach, caomhnú agus taighde agus léiríonn na staidéir mar a fhorbraíonn ár dtimpeallacht de shíor
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Bhaile Brigín
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Bhaile Brigín - Léaráidí
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Shoird - Téacs
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Shoird - Léarscáileanna Cuid 1
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Shoird - Léarscáileanna Cuid 2
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Shoird - Léarscáileanna Cuid 3
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Shoird - Léarscáileanna Cuid 4
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Shoird - Léarscáileanna Cuid 5
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Shoird - Léarscáileanna Cuid 6
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Dhomhnach Bat / Phort Reachrann - Téacs
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Dhomhnach Bat / Phort Reachrann - Léarscáileanna Cuid 1
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Dhomhnach Bat / Phort Reachrann - Léarscáileanna Cuid 2
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Dhomhnach Bat / Phort Reachrann - Léarscáileanna Cuid 3
Tuarascáil Tréithrithe Tírdhreacha Stairiúil Dhomhnach Bat / Phort Reachrann - Léarscáileanna Cuid 4
Tionscadal na nDroichead Bóthair Stairiúil
Rinne éiceolaí, innealtóir caomhantais agus saineolaí ar an oidhreacht thógtha suirbhéireacht ar na 15 dhroichead thar an Ailbhine, Abhainn Bhaile Bachaille, Abhainn an Mhóinéir Leathain agus Abhainn an Bharda chomh maith leis an gCanáil Ríoga.
Historic Road Bridges Project (Imleabhar 1)
Historic Road Bridges Project (Imleabhar 2)
Tionscadal Taighde ar Thúir Martello
In 2008 rinne Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta, coimisiúnú ar Thionscadal Taighde ar Thúir Martello d’fhonn na doiciméid go léir atá ar eolas faoi Thúir Martello as Baile Brigín i gCo. Bhaile Átha Cliath go dtí Bré i gCo. Chill Mhantáin a bhailiú.
Martello Towers Research Project
Measúnú Struchtúrach ar Shéadchomharthaí Seandálaíochta i bhFine Gall.
Tugadh faoin tionscadal chun anailís a dhéanamh ar shláine struchtúrach 15 shéadchomhartha, chun laigí struchtúracha a aithint ar mhaithe le moltaí a dhéanamh maidir le maolú agus deisiúcháin iomchuí agus chun a mholadh go dtabharfaí tosaíocht d’oibreacha a bhfuil práinn leo.
Measúnú Struchtúrach ar Shéadchomharthaí Seandálaíochta i bhFine Gall
D’eisigh an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta treoracha agus bileoga áisiúla maidir lenár n-oidhreacht seandálaíochta.
Advice to the public on the use of metal dectectors
Earthern Bank and Broken Walls
Good Farming Practice & Archaeology
Irish Field Monuments
Foilseacháin
Rinne Oifig Oidhreachta Fhine Gall coimisiúnú nó thacaigh sí le roinnt foilseacháin oidhreachta, agus tá siad ar fad le fáil i leabharlanna Fhine Gall. Tá cóipeanna de roinnt acu ar fáil in aisce ón Oifig Oidhreachta nó le híoslódáil thíos.

Baker C (2009) Axes, Warriors & Windmills: Fionnachtana seandálaíochta le déanaí i dtuaisceart Fhine Gall
Ar fáil i Leabharlanna Fhine Gall
Axes, Warriors and Windmills
Bolton J (2010) Discovering Historic Fingal - Guide to Built Heritage Sources
Ar fáil i Leabharlanna Fhine Gall
Discovering Historic Fingal

Parkes M (2012) Islands Coast and Quarries: The Geological Heritage of Fingal
Ar fáil saor in aisce ó Oifig Oidhreachta Fhine Gall
Islands Coasts and Quarries

Baker C (2010) The Antiquities of old Fingal
Ar fáil i Leabharlanna Fhine Gall

Bolton J., Carey T., Goodbody R & Clabby G (2012) The Martello Towers of Dublin. Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin & Fhine Gall
Ar fáil i Leabharlanna Fhine Gall