Pleananna agus Tuarascálacha Caomhantais
Tá na Pleananna agus Tuarascálacha Caomhantais seo a leanas ar fáil i ndáil leis na réadmhaoine faoi smacht Chomhairle Contae Fhine Gall.
Plean Caomhantais Chaisleán Shoird
Tógadh Caisleán Shoird mar áras cónaithe d’Ard-Easpaig Bhaile Átha Cliath sa tríú haois déag. Is é an teach easpagach meánaoiseach is fearr a mhaireann in Éirinn é, a léiríonn ar a laghad 500 bliain d’fhorbairt, agus is Séadchomhartha Náisiúnta é. Foilsíodh Plean Caomhantais Chaisleán Shoird le dul i ngleic le réimse buarthaí maidir le caomhnú agus le cosaint an chaisleáin, chun gur féidir an caisleán a athbheochan agus a chur i láthair an phobail ionas go n-aithneofar a shuntasacht níos leithne. Foilsíodh an Plean Caomhantais ar an 9 Meán Fómhair 2014.
- Plean Caomhantais Chaisleán Shoird – Príomhcháipéis
- Plean Caomhantais Chaisleán Shoird – Aguisíní
- Plean Caomhantais Chaisleán Shoird – Aguisín B