Déan achomharc in aghaidh cinneadh pleanála
Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála mura bhfuil tú sásta le cinneadh pleanála, nó leis na coinníollacha a ghabhann le cinneadh pleanála.
Incháilitheacht
Is féidir leis an iarratasóir nó le duine ar bith a thug tuairim / a rinne aighneacht maidir leis an gcéad iarratas pleanála achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh pleanála.
Tabhair faoi deara:
- Is féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an chinnidh phleanála seiceáil na dátaí anseo
- Labhair linn ag (01) 8905753 má chaill tú an litir admhála a fuair tú le do thuairim / aighneacht toisc go dteastóidh sí sin uait chun achomharc a dhéanamh.
- Seicliosta don Bhord Pleanála
- Féach ar an treoir maidir leis na táillí iníoctha
Murar chuir tú tuairim isteach ach gur mhaith leat achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh.
Is féidir leat é sin a dhéanamh sna cásanna atá leagtha amach anseo
Treoirlínte maidir le cead a fháil achomharc a dhéanamh
Murar Agóideoir ó Thús Thú ach go bhfuil tú ag iarraidh Achomharc a dhéanamh chuig an mBord
Is féidir leat é sin a dhéanamh i gcásanna áirithe
Treoirlínte maidir le cead a fháil achomharc a dhéanamh
Féadfaidh tú d’achomharc a sheoladh chuig an mBord Pleanála ag
An Bord Pleanála
64 Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1