Réadmhaoine na Comhairle
Sealbhaímid réadmhaoin le haghaidh seirbhísí éagsúla.
Sealbhú réadmhaoine
Sealbhaímid réadmhaoin ar chúiseanna éagsúla, tithíocht, bóithre agus mótarbhealaí, fóntas, páirceanna, saoráidí pobail, seirbhísí comhshaoil, uisce, draenáil agus forbairt thionsclaíoch ar cheann de na bealaí seo a leanas:
- Comhaontú
- Ceannach éigeantach
- Ordú mótarbhealaí
- Gníomhas tarscaoilte
- Gníomhas tíolactha
Diúscairt Réadmhaoine na Comhairle
Is féidir talamh nó réadmhaoine nach dteastaíonn ón gcomhairle níos mó a dhíol, trí léas a mhalartú etc.
An bhfuil suim agat tailte nó réadmhaoin na comhairle a cheannach?
Má tá suim agat tailte nó réadmhaoin na comhairle a cheannach tabhair na rudaí seo a leanas ar aird:
- Ní mór gach iarratas a dhéanamh i scríbhinn
- Bíodh léarscáil suímh san áireamh ina sainaithnítear an talamh/réadmhaoin
- Tabhair imlíne de na tograí beartaithe le haghaidh na talún/réadmhaoine
- Seiceáiltear iarratais i gcomhair úinéireacht na comhairle, admhaítear i scríbhinn iad, agus ansin scaiptear iad ar rannóga eile i gcomhair a n-ionchuir. Tabharfar fógra duit i scríbhinn maidir leis an toradh. Má mheastar go bhfuil an diúscairt inmharthana seoltar na sonraí chuig luachálaí na comhairle chun meastachán a thabhairt faoi. Tairgtear réadmhaoin go foirmiúil i scríbhinn agus ní mór glacadh leis ar an mbealach céanna.
- Ní mór go dtabharfadh comhaltaí tofa na comhairle cead ag a gcruinniú míosúil le haghaidh gach togra chun talamh nó réadmhaoin na comhairle a dhiúscairt. Nuair a cheadaítear an diúscairt tugtar teagasc d’aturnae na comhairle.
Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh Reatha
Is mar seo a leanas atá an liosta reatha d’orduithe ceannaigh éigeantaigh atá ar taispeáint;
An Rotharbhealach ó Bhaile Brigín go dtí na Sceirí 2013
- Fógra 08.13 maidir leis an Rotharbhealach ó Bhaile Brigín go dtí na Sceirí
- Léarscáil Suímh 08.13 maidir leis an Rotharbhealach ó Bhaile Brigín go dtí na Sceirí
- Léarscáil 08.13 maidir leis an Rotharbhealach ó Bhaile Brigín go dtí na Sceirí
- Sceideal 08.13 maidir leis an Rotharbhealach ó Bhaile Brigín go dtí na Sceirí
Feabhas ar Chosán, Bóthar Bhaile Hae, an Ros 2013
- Léarscáil 15.10.13 Ordú Ceannaigh Éigeantaigh Bóthar Bhaile Hae, An Ros
- Sceideal 15.10.13 Bóthar Bhaile Hae, an Ros
- Fógra Nuachtáin 15.10.13 maidir le Bóthar Bhaile Hae, an Ros
Iarratais chun lána-bhealaí a shealbhú
Ní bhreithneofar iarratais chun lána-bhealaí ná codanna de lána-bhealaí a shealbhú ach amháin sna himthosca seo a leanas:
- Má tá an ceart slí poiblí múchta
- Má tá an lána-bhealach saor ó sheirbhísí poiblí
- Má chomhaontaíonn gach cónaitheoir a bhfuil teacht acu ar an lána-bhealach an lána-bhealach a ionchorprú isteach sna réadmhaoine in aice láimhe
Tá tuilleadh eolais ar iarratas a dhéanamh ar Cheart Slí a Mhúchadh le fáil inár rannán faoi Dhúnadh Bóthair .