Líonra Pobail Fhine Gall
Rannpháirtíocht an Phobail a Chur Chun Cinn
Cláraigh le Líonra Pobail Fhine Gall agus cláraigh ar Chlár Pobail Chontae Fhine Gall
Cad é Líonra Pobail Fhine Gall?
Is é is Líonra Pobail Fhine Gall an Líonra Rannpháirtíochta Pobail áitiúil agus, mar sin, is é creatlach nua Fine Gall é le haghaidh rannpháirtíocht an phobail. Cuirfidh sé struchtúr ar fáil le malartú eolais a éascú idir an tÚdarás Áitiúil agus grúpaí Pobail, Deonacha agus Comhshaoil. Cuirfidh an líonra ar a gcumas do chónaitheoirí Fhine Gall agus d’eagraíochtaí pobail tionchar a imirt ar phleananna agus ar pholasaithe d’fhorbairt an Chontae amach anseo.
Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais. Cad é Líonra Pobail Fhine Gall?
2Ú HOLLSEISIÚN – DÉ SATHAIRN, AN 25 AIBREÁN 2015
ÓSTÁN AN RADISSON, AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH – 10.00AM GO 3.00PM
Mí na Nollag 2014
An 18 Nollaig: Cláraigh le Líonra Pobail Fhine Gall – molaimid fós do gach eagraíocht pobail agus dheonach a oibríonn i bhFine Gall clárú le Líonra Pobail Fhine Gall, cliceáil anseo agus comhlánaigh ár bhfoirm ar líne https://www.surveymonkey.com/s/NJ77LY8
An 11 Nollaig: Léiriú Spéise le haghaidh Ghrúpa Feidhmithe Líonra Pobail Fhine Gall
Beidh an phríomhfhreagracht ar Ghrúpa Feidhmithe Líonra Pobail Fhine Gall as próiseas toghcháin comhaontaithe a fhorbairt agus as rúnaíocht Líonra Pobail Fhine Gall a chur ar bun. Fáiltímid roimh léirithe spéise ó bhaill Líonra Pobail Fhine Gall a bhfuil spéis acu bheith páirteach sa ghrúpa seo. Cliceáil https://www.surveymonkey.com/s/Expression_of_Interest_FCNImplementationGroup agus comhlánaigh an fhoirm roimh an 5 Eanáir 12 meán lae le do spéis a chlárú.
An 11 Nollaig: Litir chuig gach Ball de Líonra Pobail Fhine Gall – nuashonrú ar dhul chun cinn Líonra Pobail Fhine Gall Litir an 11 Nollaig chuig Baill Líonra Pobail Fhine Gall
An 5 Nollaig: Ceisteanna Coitianta Pobail An 5 Nollaig CEISTEANNA COITIANTA POBAIL
An 4 Nollaig: Litir chuig gach Ball de Líonra Pobail Fhine Gall – Ollseisiún Litir an 4 Nollaig chuig Baill Líonra Pobail Fhine Gall
Mí na Samhna 2014
An 29 SamhainMiontuairiscí Ollseisiún Líonra Pobail Fhine Gall An 29 Samhain Miontuairiscí Ollseisiún Líonra Pobail Fhine Gall
An 22 Samhain Beathaisnéisí Iarrthóirí Líonra Pobail Fhine Gall
Sonraí iarrthóirí agus ráitis iarrthóirí atá ag seasamh sa toghchán le haghaidh Rúnaíocht Líonra Pobail Fhine Gall, Coiste Forbartha Áitiúil Pobail agus Coistí um Beartais Straitéiseacha
An 7 Nollaig: Fógra Toghchán Líonra Pobail Fhine Gall An 7 Samhain Fógra Toghchán
Mí Dheireadh Fómhair 2014
An 30 Deireadh Fómhair: Cur i láthair Cheardlann Líonra Pobail Fhine Gall – breac-chuntas ar an eolas a cuireadh i láthair ag na ceithre Cheardlann Eolais
An 30 Deireadh Fómhair: Ceisteanna Coitianta a tarraingíodh anuas ag ceardlanna eolais Líonra Pobail Fhine Gall – tiomsú ceisteanna a tarraingíodh anuas agus freagraí a scaipeadh ó na ceithre Sheisiún Eolais
An 10 Deireadh Fómhair: Preaseisiúint Líonra Pobail Fhine Gall
An 8 Deireadh Fómhair: Litir chuig Eagraíochtaí – ag fáiltiú rompu bheith ina mbaill de Líonra Pobail Fhine Gall
An 8 Deireadh Fómhair: Foirm Cláraithe Contae Phobal Fhine Gall – eolas a scaipeadh in éineacht leis an litir chuig eagraíochtaí
An 8 Deireadh Fómhair: Ceisteanna Coitianta Líonra Pobail Fhine Gall – eolas a scaipeadh in éineacht leis an litir chuig eagraíochtaí
Mí Mheán Fómhair 2014
Cad é Líonra Pobail Fhine Gall?
Is é is Líonra Pobail Fhine Gall an Líonra Rannpháirtíochta Pobail áitiúil agus, mar sin, is é creatlach nua Fine Gall é le haghaidh rannpháirtíocht an phobail. Cuirfidh sé struchtúr ar fáil le malartú eolais a éascú idir an tÚdarás Áitiúil agus grúpaí Pobail, Deonacha agus Comhshaoil. Cuirfidh an líonra ar a gcumas do chónaitheoirí Fhine Gall agus d’eagraíochtaí pobail tionchar a imirt ar phleananna agus ar pholasaithe d’fhorbairt an Chontae amach anseo.
Cé atá ag cur Líonra Pobail Fhine Gall ar bun?
Tá Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag obair le Fóram Pobail agus Deonach Fhine Gall agus leis an ionadaí Comhshaoil le maoirseacht a dhéanamh ar a fhorbairt.
Cén fáth ar cheart dom a bheith páirteach ann?
Tugann Líonra Pobail Fhine Gall le chéile gach grúpa agus eagraíocht a oibríonn ar bhonn pobail agus deonach i bhFine Gall. Mar bhíonn tú páirteach i Líonra Pobail Fhine Gall beidh deis ag do ghrúpa bheith páirteach ag leibhéal cinnteoireachta agus ceaptha polasaí.
Cén fáth ar cheart dom clárú le Líonra Pobail Fhine Gall?
•Saor in aisce
•Critéir Maoinithe
•Fáil ar Eolas
•Fáil ar Thacaíocht & ar Oiliúint
•Tionchar a Imirt ar Chinntí & ar Pholasaí
•Ionadaíocht ar son Dhearcadh an Phobail
•Líonrú le do Chomhpháirtithe -- roinnt eolais
•Fáil ar Eagrais Chinnteoireachta
•Comhpháirtíocht Eagraithe le Comhairle Contae Fhine Gall
•Baill de Chlár Pobail Chontae Fhine Gall
Cathain a chuirfear Líonra Pobail Fhine Gall ar bun?
Beidh ceithre Cheardlann Eolais Phoiblí ar siúl againn ar fud an chontae le heolas a chur ar fáil faoi Líonra Pobail Fhine Gall agus le deis a thabhairt clárú le Clár Pobail Chontae Fhine Gall. Seo a leanas na dátaí (7.00pm go 9.30pm)
- Dé Luain, an 20 Deireadh Fómhair: Ceardlann Bhaile Átha Cliath 15, Óstán an Crowne Plaza, Baile Bhlainséir
- Dé Céadaoin, an 22 Deireadh Fómhair: Ceardlann Fhine Gall Thoir, Óstán an Marine, Cill Fhionntain (Tabhair faoi deara: ag tosú ag 8.30pm)
- Dé Máirt, an 28 Deireadh Fómhair: Ceardlann Shoird/Fhine Gall Láir, Óstán Carnegie Court, Sord
- Dé Céadaoin, an 29 Deireadh Fómhair: Ceardlann Fhine Gall Thuaidh, Óstán Bracken Court, Baile Brigín
Tionólfar Ollchruinniú an Chontae
- Dé Sathairn, an 29 Samhain 2014 (Óstán Carnegie Court, Sord)
Conas is féidir liom a bheith páirteach ann?
Cláraigh ar Chlár Chontae Fhine Gall roimh an 7 Samhain 2014 (tá an dáta seo sínte anois go dtí mí an Mhárta 2015). Ní bheidh eagraíochtaí a chláraíonn tar éis an dáta sin incháilithe le vóta a chaitheamh ná poist ionadaíocha a bheith acu ar Eagrais Sheachtracha sna 12 mhí seo romhainn, ach féadfaidh tú bheith i láthair agus cur le Nascghrúpaí.
I measc na nEagras Seachtrach tá Coistí um Beartais Straitéiseacha Chomhairle Contae Fhine Gall a bhaineann le Forbairt Gheilleagrach & Fiontar, Tithíocht, Pleanáil & Bonneagar Straitéiseach, Iompar, Seirbhísí Comhshaoil & Uisce, na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht agus Pobal, agus an Coiste Forbartha Áitiúil Pobail agus Comhchoistí Póilíneachta.
Is féidir le gach eagraíocht ag a bhfuil rialacha comhaontaithe, struchtúr oibre, agus atá ann le 12 mhí anuas ar a laghad le seoladh poist i bhFine Gall clárú. Is féidir le daoine clárú i ngrúpa nó in eagraíocht atá ann cheana nó is féidir leo grúpa sainspéise a chur ar bun le clárú.