Scéim Léitheoireachta Folláine Fhine Gall
Cuidigh le himní a bhaint díot. Má tá fadhbanna mothúchán nó teaghlaigh ag dul sa mhuileann ort... tá ábhair féinchabhrach ag do leabharlann áitiúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh.
Scéimeanna Leabharlainne
Scéim Léitheoireachta Folláine Fhine Gall - Cuidigh le himní a bhaint díot
Bíonn fadhbanna mothúchán nó síceolaíocha ag a lán daoine – ag an gcuid is mó b’fhéidir – ag am éigin le linn a saoil. Tá a lán fianaise ann gur féidir leis a bheith an-úsáideach ábhair féinchabhrach a úsáid ag na hamanna sin.
Cuireadh Scéim Léitheoireachta Folláine Fhine Gall ar bun le cuidiú leat teacht ar leabhair a thugann eolas agus tacaíocht dá leithéid.
Tá níos mó eolais faoin tseirbhís seo thíos anseo:
Bíonn dúshláin agus deacrachtaí dá gcuid féin ag gach teaghlach ó am go chéile. Tá a lán fianaise ann gur féidir leis a bheith an-úsáideach ábhair féinchabhrach ar ardchaighdeán a úsáid ag na hamanna seo.
Tá níos mó eolais faoin tseirbhís seo thíos anseo: