Leabharlann an Léinn Áitiúil
Bunaíodh Léann Áitiúil Fhine Gall chun ábhar a bhaineann le stair agus le hoidhreacht an Chontae a bhailiú, a chaomhnú agus a chur ar fáil mar ábhar tagartha. Is féidir féachaint ar ár mbailiúchán sa Seomra Léitheoireachta i gCartlann agus Leabharlann Léann Áitiúil Fhine Gall, Teach Chluain Meala, Bealach Forster, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
Uaireanta Oscailte
Ó Dé Luain, an 20 Deireadh Fómhair, ní mór do thaighdeoirí agus do chuairteoirí eile ar Chartlann agus Léann Áitiúil Fhine Gall, Teach Chluain Meala, Bealach Forster, Sord, coinne a shocrú roimh ré.
Bíodh is go mbeidh an seomra léitheoireachta ar oscailt mar is gnáth, is gá coinne a eagrú roimh do chuairt trí ghlaoch ar 01-8704495/8704486 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig archives.localstudies@fingal.ie
Luan go hAoine: 10.00am-1.00pm agus 2.00pm-5.00pm
Satharn: Dúnta
Déan Teagmháil Linn
Sa phost: Cartlann agus Léann Áitiúil Fhine Gall, Teach Chluain Meala, Bealach Forster, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
Ríomhphost: local.studies@fingal.ie
Fón: (01) 8704495/8704486
Cé a úsáideann an tseirbhís?
Tá ár seirbhís chairdiúil éifeachtúil ar fáil d’aon duine a chuireann spéis sa stair áitiúil, sa stair shóisialta nó i stair an teaghlaigh. Cuirtear fáilte roimh gach taighdeoir, idir ghairmiúil agus amaitéarach, roimh mhic léinn aonair, roimh ghrúpaí, roimh ranganna, etc. Cuirimid fáilte roimh cheisteanna ar an bhfón, sa phost nó ar ríomhphost.
Cad atá againn?
Tá réimse fairsing leabhair tagartha a bhaineann le Fine Gall agus le hÉirinn inár mbailiúchán. I measc acmhainní eile, áirítear eolairí, léarscáileanna, páipéir eastáit, nuachtáin, grianghraif, cártaí poist, acmhainní ar líne, páipéir stáit, taifid daonáirimh agus eaglaise.
Is féidir féachaint ar agallaimh le réaltaí spóirt ó Fhine Gall anseo Réaltaí Spóirt - YouTube
Tá Sraith 1 agus 2 de Bhailiúchán Stair Bhéil Fhine Gall le fáil sa leabharlann nó ar líne ar Fingal Local Studies - YouTube
Déanann Joseph Byrne, staraí, eagarthóireacht ar Fingal Studies, ár n-irisleabhar staire áitiúla, agus bíonn sé ar díol anseo agus inár leabharlanna eile.
Cuimsítear i measc ár mbailiúchán speisialta Taifid Ghraí Chlochráin, comhfhreagras agus earraí cuimhneacháin Chumann na mBan, bailiúchán Thomáis Ághas, bailiúchán Spóirt Fhine Gall, agus roinnt de pháipéir eastáit mhuintir Talbot ó Mhullach Íde ar dhlúthdhiosca.
Is féidir féachaint ar rogha cártaí poist agus grianghraf anseo Flickr: Sruth grianghraf Léann Áitiúil Fhine Gall