Go for Life Fitline (seirbhís fóin)
Tionscnamh is ea Fitline chun daoine níos sine i bhFine Gall a spreagadh le bheith breabhsánta.
Cuireadh Go for Life Fitline ar bun le cabhair ó Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall. Seirbhís tacaíochta fóin atá ann trína spreagtar daoine le bheith gníomhach ó thaobh coirp de.
Is féidir le daoine a bhfuil spéis acu a bheith níos gníomhaí glaoch ar líne Go for Life Fitline ar 01 8057733 nó ar Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall ar 01 8906256.