Iarratas ar pháirc imeartha a úsáid
Déanann Comhairle Contae Fhine Gall cothabháil ar 168 bpáirc imeartha i bPáirceanna Réigiúnacha agus Comharsanachta, agus baineann eagraíochtaí spóirt ar fud Fhine Gall leas astu.
An bhfuil foireann á cur le chéile agat?
Más club nua sibh agus más maith libh iarratas a dhéanamh ar pháirc imeartha a úsáid, íoslódáil an fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh seo nó déan teagmháil le annette.oneill@fingal.ie.
Seoltar foirmeacha go huathoibríoch i mí Aibreáin chuig na clubanna atá ar na taifid againn, agus leithdháiltear na páirceanna imeartha i mí Lúnasa.
Ní mór don tsraith ábhartha stampa a chur ar Dheimhniú Cleamhnaithe agus ar liosta na gcluichí, agus is gá deimhniú árachais reatha a chur ar fáil.
Tá costas €600 ar pháirc imeartha a fháil ar cíos d’fhoireann daoine fásta amháin, móide €100 ar gach foireann daoine fásta ina dhiaidh sin. €30 in aghaidh na foirne an costas i gcás daoine óga (faoi bhun 18 mbliana d’aois) suas le huasmhéid €600, agus is gá do gach club táille riaracháin €50 a íoc.
Tá cead ag an bpobal na páirceanna imeartha a úsáid le himirt go neamhfhoirmiúil, ach is gá do gach grúpa eagraithe cead a fháil ón gComhairle roimh ré.
Déan teagmháil linn:
An Rannóg Oibríochtaí,
Fón: (01) 8905645
Facs (01) 890 5889
Ríomhphost: Casmuloparea@fingal.ie nó annette.oneill@fingal.ie
Doiciméid ghaolmhara
- COINNÍOLLACHA A BHAINEANN LE PÁIRC A LEITHDHÁILEADH (27582 W)
- Páirceanna Chomhairle Contae Fhine Gall a leithdháileadh (27582 U)
- Páirceanna Chomhairle Contae Fhine Gall a leithdháileadh - Scoil (27852 V)Páirceanna Chomhairle Contae Fhine Gall a leithdháileadh - Scoil (27852 V)
- Iarratas ar Pháirc Imeartha Séasúr 2017-18 (27582 Q)
- Iarratas Scoile ar Pháirc Imeartha 2017-18 (27582 O)