Trá Theas an Rois
Tá Trá Theas an Rois 2.4km ar fad agus tá córas seanbhunaithe dumhcha ar a cúl.

Suíomh
Tá an Ros ó thuaidh d’Inbhear Bhaile Roiséir i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh.
Conas dul ann
Ar bhus
Téann an 33 de chuid Bhus Átha Cliath chun an Rois. Tógann sé 10 nóiméad siúl go dtí an trá ó stad an bhus. Seiceáil Bus Átha Cliath le haghaidh cláir ama agus an scéala is deireanaí faoi chúrsaí seirbhíse.
Ar thraein
Téann traenacha Iarnród Éireann go stáisiún traenach an Rois. Tógann sé 45 nóiméad siúl ón stáisiún go dtí an trá. Seiceáil Iarnród Éireann le haghaidh cláir ama agus an scéala is deireanaí faoi chúrsaí seirbhíse.
I ngluaisteán
Féach ar an léarscáil Google ag bun an leathanaigh seo.
Áiseanna
Carrchlós poiblí
Leithris phoiblí
Stáisiún garda tarrthála (i rith an tsamhraidh amháin)
Eolas faoi ghardaí tarrthála
Bíonn bratach dhearg nó bhuí ar foluain ón stáisiún garda tarrthála nuair a bhíonn garda tarrthála ar dualgas. Ní bhíonn garda tarrthála ar dualgas ach amháin i rith an tsamhraidh ó 11am go 7pm mar seo a leanas:
- Satharn agus Domhnach le linn mhí an Mheithimh
- gach lá le linn mhí Iúil agus mhí Lúnasa
Cáilíocht Uisce Snámha
An t-eolas is déanaí faoin Ros, Iúil 2015
Go ginearálta, bhí an cháilíocht uisce ar an Ros GO MAITH bunaithe ar na torthaí tástála go dtí seo le linn shéasúr snámha 2015. Le haghaidh an scéala is déanaí féach anseo:- Cáilíocht Uisce Snámha an Rois – An t-eolas is déanaí, Iúil 2015