Ceisteanna Coitianta
Tá liosta déanta againn agus freagraí tugtha ar na ceisteanna is mó a chuirtear go rialta faoinár gcuntais iasachtaí. Mura bhfaigheann tú an freagra a theastaíonn uait anseo déan teagmháil linn.
Conas a íocfaidh mé m’Iasacht?
Is féidir íocaíochtaí iasachta a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
- Dochar Díreach Sepa. Tá sé seo difriúil ó bhuanorduithe sa mhéid is go bhfuil tú ag tabhairt treorach do do bhanc suimeanna athraitheacha a bhaint as do chuntas bainc gach mí. Más mian leat dochar díreach a shocrú chun d’iasacht a aisíoc, priontáil agus líon an Fhoirm Dochar Díreach SEPA agus seol ar ais chugainn í. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo. Nuair a shíníonn tú an treoir do do bhanc, tá tú ag aithint go mbeidh an gála míosúil curtha do dhochar do bhanc ar an 1ú lá de gach mí.
- Buanordú. Chun íoc trí Bhuanordú trí do bhanc, priontáil agus líon an Fhoirm um Bhuanordú Iasachta agus seol ar ais chuig do bhanc í.
- Oifig an Phoist – Is féidir íocaíochtaí a bhaineann le hiasachtaí áirithe (Uimhreacha cuntais ag tosú leis na litreacha S,T & V) a dhéanamh saor in aisce ag oifig an phoist agus caithfear iad a dhéanamh ag úsáid cárta íocaíochta atá ar fáil ó Rannóg na gCuntas Iasachta.
- Oifig Íocaíochtaí: Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh le hairgead tirim, seic, dréacht bainc, agus cárta creidmheasa & léasair. Is féidir seiceanna a phostáil nó buail isteach chuig ár n-oifig íocaíochta i Halla an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath nó ar Bhóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.
- Íocaíochtaí teileafóin: Más mian leat íoc le cárta creidmheasa nó léasair, cuir glaoch ar ár n-oifig íocaíochtaí.
Teileafón: (01) 8905309 nó (01) 8905154.
Tá an oifig íocaíochtaí oscailte ó 9.30rn go 3.30in Luan go hAoine.
Conas Is Féidir Liom Íocaíocht Chnapshuime A Dhéanamh?
- Is é €1,000.00 an chnapshuim is lú gur féidir leat a íoc. Má dhéanann tú íocaíocht chnapshuime, beidh d’íocaíocht mhíosúil laghdaithe; ní thiocfaidh aon athrú ar théarma d’iasachta. Níl aon phionóis má dhéanann tú íocaíocht chnapshuime. Más mian leat íocaíocht chnapshuime a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn, beidh ort foirm iarratais d’íocaíocht Chnapshuime a chomhlánú freisin. Foirm Íocaíocht Chnapshuime 2015
Conas Is Féidir Liom Iarmhéid m’Iasachta A Sheiceáil?
Más mian leat iarmhéid d’iasacht a sheiceáil (figiúirí fuascailte) beidh ort Foirm Luachana Fuascailte, a phriontáil, a líonadh agus í a sheoladh ar ais chugainn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo. Cuirfimid cóip de d’iarmhéid (figiúirí fuascailte) chugat ar an bpost laistigh de 3 go 5 lá oibre.
Táim Ag Iarraidh Mo Chothromas Ar Cíos A Cheannach (An Chuid de d’Iasacht um Úinéireacht Roinnte atá ar Cíos)
Má cheannaigh tú teach faoinár Scéim Úinéireachta Inacmhainne/Roinnte d’fhéadfá cáiliú chun an chuid cíosa de d’iasacht a athrú ina mhorgáiste iomlán. Chun iarratas a dhéanamh, caithfidh tú an Fhoirm Iarratais chun Cothromas ar Cíos a Athrú ina Mhorgáiste a phriontáil, a líonadh agus a sheoladh ar ais chugainn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.
Táim Ag Iarraidh Mo Theach Inacmhainne A Dhíol
Más mian leat do theach inacmhainne a dhíol caithfidh tú é sin a chur in iúl dúinn i scríbhinn. Bí cinnte na sonraí faoi do ghníomhaire eastáit agus an praghas atá tú a iarraidh a chur san áireamh freisin. Nuair a gheobhaimid agus a cheadóimid cóip den chonradh sínithe faoi dhíolachán aontaithe ó do dhlíodóir, cuirfimid cóip de d’iarmhéid (figiúirí fuascailte), lena n-áirítear figiúirí aisghlámtha chugat ar an bpost ansin. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.
Conas A Ríomhtar an tAisghlámadh?
Nuair a cheannaigh tú do theach inacmhainne, fuair tú é ar lascaine i gcomórtas le maoin eile den chineál céanna ar an margadh. Tá an t-aisghlámadh bunaithe ar an gcéatadán de lascaine a fuair tú nuair a cheannaigh tú do theach inacmhainne. Má shocraíonn tú do theach a dhíol, cuirfimid an céatadán seo san áireamh sa phraghas a fhaigheann tú ón díolachán, ag brath ar luach reatha na maoine. Ag brath ar luach do mhaoin nuair a dhíolann tú é, is féidir le ríomh an aisghlámtha athrú. Is féidir leat ár mBileog um Aisghlámadh agus Maireachtáil i dTeach Inacmhainne a léamh freisin.
An Féidir Liom Mo Mhaoin Inacmhainne A Ligean Ar Cíos?
Tugaimid deis duit do mhaoin inacmhainne a ligean ar cíos i gcúinsí éagsúla, mar shampla sa chás is go bhfaigheann tú fostaíocht thar lear. Chun iarratas a dhéanamh, caithfidh tú Foirm Iarratais Chun Maoin Inacmhainne a Ligean ar Cíos a Cheadú a phriontáil, a líonadh agus a sheoladh ar ais chugainn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.
An Féidir Liom Ráiteas A Fháil Do Chuntas Mo Mhorgáiste?
Cuirfimid ráiteas morgáiste chugat ar an bpost uair sa bhliain, go hiondúil in Eanáir/Feabhra. Ach is féidir leat ráiteas a iarraidh ag am ar bith trí theagmháil a dhéanamh linn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.
Tá Mo Chuntas i gCreidmheas/Ró-íocaíocht, Cad Is Féidir Liom A Dhéanamh?
Chun iarratas a dhéanamh chun do chreidmheas/ró-íocaíocht a íoc d’iarmhéid d’iasacht atá fós le híoc, caithfidh tú Foirm Iarratais um Ró-íocaíocht Chaipitlithe a phriontáil, a líonadh agus a sheoladh ar ais chugainn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.
Déan Teagmháil Linn
Tríd an bPost: Comhairle Contae Fhine Gall
Rannóg na gCuntas Iasachtaí
Bóthar an Gharráin
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15
Teileafón: (01) 8905590
Ríomhphost: housing@fingal.ie