Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha
Má tá teach agat, ach nach bhfuil tú i do chónaí ann, tá tú faoi dhliteanas an mhuirir ACPN. Baineann an muirear ACPN bliantúil de €200 in aghaidh na maoine le gach bliain ó 2009-2013.
Má bhí tú i dteagmháil linn cheana féin roimh an spriocdháta 31 Lúnasa, beimid i dteagmháil leat chomh luath agus is féidir. Táimid ag obair faoi láthair ag dul thrí líon an-mhór glaonna, ríomhphoist agus comhfhreagras.
Tabhair faoi deara: Tá an tréimhse chairde sé mhí ón 1Márta 2014 go 31 Lúnasa 2014 caite anois. Is ionann anois an dliteanas iomlán do na blianta 2009 go 2014 agus €7,230.00.
Más mian leat do dhliteanas a phlé le ball dár bhFoireann ACPN, téigh i dteagmháil linn;
Teileafón: (01)8905357 nó (01)8904477
Ríomhphost: nppr@fingal.ie
Suíomh Gréasáin: www.nppr.ie
Is féidir leat d’íocaíocht ar líne a dhéanamh ag www.nppr.ie
Tabhair faoi deara: Beidh an muirear iomlán le híoc
|
Muirir ACPN dlite mar thoradh ar Cuid 12 d’Acht Athchóirithe an RÁ 2014 |
|||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Bliain |
1 Márta 2014 GO 31 Lúnasa 2014 |
1 Meán Fómhair 2014 |
|
|
|
|
|
|
Móide €120 |
Móide 50% |
|
|
|
2009 |
€1,260 |
€1,380 |
€2,070 |
|
|
|
2010 |
€1,100 |
€1,220 |
€1,830 |
|
|
|
2011 |
€860 |
€980 |
€1,470 |
|
|
|
2012 |
€620 |
€740 |
€1,110 |
|
|
|
2013 |
€380 |
€500 |
€750 |
|
|
|
IOMLÁN |
€4,220 |
€4,820 |
€7,230 |
|
DEIMHNITHE URSCAOILTE AGUS DÍOLÚINE
Chun iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Urscaoilte/Díolúine comhlánaigh an fhoirm iarratais chuí agus seol ar ais é chuig Comhairle Contae Fhine Gall, Bosca Poist 174, Halla an Chontae, Sord, Fine Gall, Co. Bhaile Átha Cliath nó Ríomhphost: nppr@fingal.ie