Riaráistí Morgáiste agus Cíosa
Má tá fadhbanna agat ag aisíoc do chíos nó do mhorgáiste, is é an rud is fearr a dhéanamh a theacht chun cainte linn.
Riaráistí Morgáiste
Tuigimid go bhfuil deacrachtaí ag iasachtaithe lena n-aisíocaíochtaí míosúla morgáiste i bhfianaise cúinsí eacnamaíochta a bheith ag athrú. Is é an chéad chéim teagmháil a dhéanamh linn. Tabharfaimid treoir duit ansin tríd an bpróiseas réitigh riaráistí morgáiste (MARP). Beidh ort foirm MARP SFS FCC a chomhlánú, agus é a sheoladh chugainn chuig an seoladh thíos. Tabharfaidh ár Leabhrán Eolais um Riaráistí Morgáiste tuilleadh eolais duit faoin bpróiseas.
Déan Teagmháil Linn: Riaráistí Morgáiste
Tríd an bpost:
An Fhoireann Tacaíochta Morgáiste
Bóthar an Gharráin
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15
Teileafón: (01) 8905590
Ríomhphost: housing@fingal.ie
Riaráistí Cíosa
Má tá riaráistí ar do chuntas cíosa ba chóir duit teagmháil a dhéanamh linn láithreach. Pléifimid do chás leat go mion ansin agus socrófar plean íocaíochta a chabhróidh leat do riaráistí a ghlanadh laistigh de thréimhse réasúnach ama gan tionchar diúltach a imirt ar do chúinsí airgeadais. Beidh tú ag íoc Muirear Seachtainiúil comhaontaithe níos airde ansin.
Déan Teagmháil Linn: Riaráistí Cíosa
Tríd an bPost:
Comhairle Contae Fhine Gall
Rannóg Bainistíochta na gCuntas Cíosa
Bloc 1 Urlár 1
Bóthar an Gharráin
Baile Bhlainséir
Baile Átha Cliath 15
Ceantar Thuaisceart an Chontae
Teileafón: (01) 8905132 nó
Ríomhphost: Rentaccountnorthcounty@fingal.ie
I measc na gceantar i dTuaisceart an Chontae atá áirithe tá Baile Brigín, Domhnach Bat, Binn Éadair, Lusca, Mullach Íde, Port Mearnóg, An Ros, na Sceirí agus Sord
Ceantar Bhaile Átha Cliath 15
Teileafón: (01) 8905593 nó
Ríomhphost: RentaccountD15@fingal.ie
I measc na gceantar i mBaile Átha Cliath 15 atá áirithe tá Baile an Bhlácaigh, Baile an Chairpintéaraigh, Teach Chainnigh, Caisleán Cnucha, Cluain Aodha, Cluain Saileach, Cúil Mhín, Baile an Hartaigh, Mullach Eadrad, Ongar, Baile an Tirialaigh, Verdemont agus An Coireán
Acmhainní Eile
SBCA Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid : Comhairle neamhspleách buiséadaithe saor in aisce.
Teileafón: 1890 2830438
Suíomh Gréasáin: www.mabs.ie