Eolas tábhachtach maidir leis na scéimeanna Deontais Atosaithe agus Deontas Atosaithe Móide

Dúnfaidh an Scéim Deontais Atosaithe Móide, lena n-áirítear na híocaíochtaí breise a chuirtear i bhfeidhm ar fud na tíre agus i gcontaetha áirithe, ó mheán oíche Dé Sathairn an 31ú Deireadh Fómhair.  Bunaíodh Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID (CRSS) nua mar chuid de Bhuiséad 2021 ar an 13ú Deireadh Fómhair 2020 agus tá sí á feidhmiú ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.  

https://revenue.ie/en/corporate/press-office/budget-information/2021/crss-overview-and-examples.pdf.

 

Mura ndearna tú iarratas ar an scéim Deontas Atosaithe bunaidh, a tugadh isteach ag deireadh mhí na Bealtaine 2020, agus má chreideann tú go raibh tú incháilithe, seol ríomhphost le do thoil chuig  [email protected]  chun eolas a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh. Dúnfaidh an próiseas seo ag meán oíche ar an 31ú Deireadh Fómhair.